×

Bíobla Naofa 1981

Salm 63

1
1 Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá. 2 A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá íota tharta ar m' anam chugat. Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh túr tirim gan uisce. Salm 62
2
3 Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofa d' fhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht.
3
4 De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá, canfaidh mo bheola do mholadh.
4
5 Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú agus ardóidh mé mo lámha i d' ainmse.
5
6 Líonfar m' anam mar a líonfaí le fleá é, agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.
6
7 I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort, bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;
7
8 óir ráinig tú i do chúntóir agam, agus gairdím faoi scáth do sciathán.
8
9 Tá m' anam ag cloí go dlúth leat, agus coinníonn do dheaslámh suas mé.
9
10 An dream atá ar tí m' anama chun a scriosta, rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.
10
11 Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iad agus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.
11
12 Is i nDia a dhéanfaidh an rí gairdeas, agus beidh áthas ar a mionnaíonn dar eisean, ach cuirfear béal lucht éithigh ina thost.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí