Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. 2 Éist le mo ghlor is mé ag gearán, a Dhia; cosain mo bheo ar eagla an namhad. Salm 63 |
| 2 |
| 3 Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna, ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide. |
| 3 |
| 4 Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar chlaíomh agus scaoileann a mbriathra nimhe amhail saigheada; |
| 4 |
| 5 scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan, ' s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla. |
| 5 |
| 6 Beartaíonn siad a ndrochbhearta go diongbháilte ' s iad i gcogar le chéile go folaitheach, á rá lena chéile: «Cé a fheicfidh sinn: |
| 6 |
| 7 cé a fhéadfaidh ár gcionta a thóraíocht?» Ach an té sin a thóraíonn an aigne, arb eol dó rúndiamhra an chroí |
| 7 |
| 8 scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne. |
| 8 |
| 9 A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh, agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu. |
| 9 |
| 10 Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin, inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia, agus tuigfidh siad gníomhartha Dé. |
| 10 |
| 11 Gairdeoidh an fíréan sa Tiarna, rachaidh sé ag triall air faoi dhóchas agus beidh lucht an chroí chneasta ag déanamh mórtais. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/064.mp3
150
64