Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán. 2 Is duit is dleacht ár moladh i Síón, a Dhia. Is duit a chomhlíonfar ár móid, Salm 64 |
| 2 |
| 3 ós tú a éisteann lenár nguí. Ortsa atá triall gach aon neach |
| 3 |
| 4 lena eire urchóide. Luíonn ár lochtanna go trom orainn ach tugann tusa maithiúnas dúinn. |
| 4 |
| 5 Is méanar don té a roghnaíonn tú, á ghlaoch chun do chúirteanna. Sásófar le flúirse do thí sinn, le hionad naofa do theampaill. |
| 5 |
| 6 Déanann tú éachtaí i d' fhíréantacht dúinn, a Dhia ár slánaithe. Dóchas críocha uile na cruinne thú agus na bhfarraigí imigéiniúla. |
| 6 |
| 7 Daingníonn tú na sléibhte le do neart ar do chrioslú le cumhacht. |
| 7 |
| 8 Maolaíonn tú fothram na farraige agus torann na dtonnta agus gleo na gciníocha. |
| 8 |
| 9 Lucht cónaithe chríocha na cruinne, is eagal leo d' éachtaí. Cuireann tú áthas ar imill imchiana an Oirthir is an Iarthair. |
| 9 |
| 10 Thug tú cuairt ar an talamh, á huisciú, gur mhéadaigh tú a maoin. Sceitheann abhainn Dé thar bruacha d' fhonn arbhar a sholáthar di. |
| 10 |
| 11 Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh, ag tabhairt uisce dá claiseanna. Déanann tú a bogadh le ceathanna; beannaíonn tú a geamhair. |
| 11 |
| 12 Chuir tú barr ar an mbliain le d' fhéile agus tá do chéimeanna ar sileadh le méathras |
| 12 |
| 13a agus féaraigh an fhásaigh faoi bhláth. Tá na cnoic arna gcrioslú le gairdeas |
| 13 |
| 13b agus na móinéir ag cur thar maoil le tréada. Tá na gleannta faoi bhrat arbhair; tógann siad gártha agus canaid le háthas. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/065.mp3
150
65