|
| 1 |
|
| Don stiúrthóir. Amhrán. Salm. Gairdigí i láthair Dé, a thíortha uile, Salm 65 |
|
| 2 |
|
| canaigí Salm le hurraim dá ainm. Tugaigí moladh agus glóir dó; |
|
| 3 |
|
| Abraigí le Dia: «Nach éachtach iad d' oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair. |
|
| 4 |
|
| Umhlóidh an domhan uile i d' fhianaise agus canfaidh siad Salm do d' ainm.» Selah |
|
| 5 |
|
| Téanaigí agus féachaigí oibreacha Dé na héachtaí a rinne sé idir daoine. |
|
| 6 |
|
| Rinne sé talamh tirim den mhuir ionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn; déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin. |
|
| 7 |
|
| Rialaíonn sé lena chumhacht go brách; bíonn a shúile ag faire na náisiún sula n-éireodh lucht ceannairce ina éadan. |
|
| 8 |
|
| Beannaígí dár nDia, a chiníocha, go gcluintear a mholadh os ard, |
|
| 9 |
|
| Óir is é a thug beatha dár n-anam agus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú. |
|
| 10 |
|
| Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn, mar a thriailtear an t-airgead sa tine. |
|
| 11 |
|
| Sheol tú isteach sa líon sinn gur leag tú tromualach anuas orainn. |
|
| 12 |
|
| Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainn go ndeachamar trí thine is trí uisce; ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn. |
|
| 13 |
|
| Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom; leatsa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna |
|
| 14 |
|
| na móideanna a gheall mé ó bhéal duit agus a chan mo theanga le linn mo bhuartha. |
|
| 15 |
|
| Ofrálfaidh mé caoirigh méithe uileloiscthe mar aon le deatach reithí dóite; ofrálfaidh mé damhra agus gabhair duit. |
|
| 16 |
|
| Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh, go n-inseoidh mé a ndearna sé do m' anam. |
|
| 17 |
|
| Ghlaoigh mé os ard air le mo bhéal agus rinne mé a mholadh le mo theanga. |
|
| 18 |
|
| Dá gcothóinn an urchóid i mo chroí ní éistfeadh an Tiarna liom. |
|
| 19 |
|
| Ach d' éist mo Dhia go dearfa; thug sé aire do ghlór mo ghuí. |
|
| 20 |
|
| Moladh le Dia nár eitigh mé ar m' achainí, agus nár tharraing a bhuanghrá uaim. |
|
|
|
|