×

Bíobla Naofa 1981

Salm 67

1
1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Salm. Amhrán. 2 Bí trócaireach linn, a Thiarna, agus beannaigh sinn; taispeáin dúinn solas do ghnúise. Salm 66
2
3 Chun go n-aithneofaí do shlí ar talamh agus do shlánú i measc na náisiún go léir.
3
4 Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.
4
5 Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht, [Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas]; treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah
5
6 Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.
6
7 Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach; agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn.
7
8 Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinn agus gurab eagal le críocha na cruinne é!
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí