1
1 Amhrán éagaointeach (Siggayon) de chuid Dáiví a chan sé don Tiarna mar gheall ar Chuis an Biniáimineach. 2 A Thiarna, a Dhia liom, is tú mo dhídean; saor mé ar mo ghéarleantóirí agus fuascail mé,
2
3 sula mbeiridís ar m' anam mar leon, do mo sciobadh leo gan fear mo tharrthála ann.
3
4 A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo, má rinne mé urchóid le mo lámha,
4
5 má thug mé an t-olc in aghaidh na maitheasa do mo chara, má chreach mé mo namhaid gan chúis
5
6 go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm, go ngabha sé de chosa i m' anam, is go leaga sé m' oineach sa luaithreach.
6
7 Éirigh, a Thiarna, le corp feirge: éirigh in aghaidh buile mo namhad (a Dhia liom), dúisigh, ó d' fhógair tú breithiúnas.
7
8 Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall: bí i do shuí os a gcionn in airde.
8
9 Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha. Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m' fhíréantachta agus de réir an ionracais atá ionam.
9
10 Cuir deireadh le hurchóid na n-éagráifeach agus daingnigh na fíréin; os tú a thriaileann croí agus áranna, a Dhia na fíréantachta.
10
11 Is é Dia mo sciath is mo dhídean a shaorann lucht an chroí dhírigh.
11
12 Breitheamh ceart cóir é Dia, Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.
12
13 Mura leasaíonn siad, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh; teannfaidh sé agus díreoidh sé a bhogha;
13
14 tá uirlisí marfacha gléasta aige agus saigheada mar chaora tine.
14
15 Bhí an t-urchóideach torrach ar an olc ghabh sé an mhioscais agus shaolaigh an feall.
15
16 D' oscail sé clais agus thochail í ach thit sé sa pholl a rinne sé.
16
17 Fillfidh a mhioscais ar a bhaithis féin: ar a cheann féin a fhillfidh a fheall.
17
18 Molfaidh mé an Tiarna as ucht a fhíréantachta: ceolfaidh mé don Tiarna, an Neach is Airde.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead