Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Don stiúrthóir. [Salm] Dháiví. Mar chuimhneachán. 2 Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom. Salm 69 |
| 2 |
| 3 Go raibh náire agus ceann faoi ar an dream a bhfuil mo bheo agus m' anam uathu. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh. |
| 3 |
| 4 Go ngabha ar ais faoi mhearbhall an drong a deir liom: «Há, há!» |
| 4 |
| 5 Go ndéana a mbíonn do d' iarraidh ríméad agus gairdeas. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: «Moladh le Dia!» |
| 5 |
| 6 Ós dealbh dearóil mé, tar chugam, a Dhia. Is tú mo chabhair is m' fhuascailteoir, ná moilligh, a Thiarna! |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/070.mp3
150
70