|
| 1 |
|
| Salm Ásáf. Nach maith atá Dia don dream díreach; an Tiarna dá bhfuil glan ó chroí. Salm 72 |
|
| 2 |
|
| Ach is beag nár sciorr mo chosa uaim; is beag nár shleamhnaigh mo chéimeanna; |
|
| 3 |
|
| Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde, ag faire dom ar shéan na n-éagráifeach. |
|
| 4 |
|
| Ní bhíonn siad siúd á gcrá ná á gciapadh; is slán a gcorp agus is sleamhain. |
|
| 5 |
|
| Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithe ná ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile. |
|
| 6 |
|
| Uime sin, is é an t-uabhar a muince, agus folaíonn an foréigean iad amhail éadach. |
|
| 7 |
|
| Bíonn a gcroí ag cur thar maoil le mioscais; brúchtann smaointe a n-intinne amach. |
|
| 8 |
|
| Bíonn siad ag fonóid is ag labhairt go mailíseach agus beartaíonn siad an t-ansmacht go huaibhreach. |
|
| 9 |
|
| Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéal agus triallann a dteanga ar fud an talaimh. |
|
| 10 |
|
| Dá bhrí sin bíonn an pobal á moladh agus slogann siad a mbíonn á rá acu. |
|
| 11 |
|
| Agus deir siad: «Cá bhfios do Dhia? An amhlaidh is eol don Té is Airde?» |
|
| 12 |
|
| Féach! sin é dála na bpeacach; téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht. |
|
| 13 |
|
| Nach díomhaoin dom mo chroí a bheith glan agam agus mo lámha a ní san ionracas, |
|
| 14 |
|
| agus mé bheith do mo chrá ar feadh an lae agus do mo smachtú gach aon ré solais! |
|
| 15 |
|
| Dá ndéarfainn: «Labhróidh mé mar iad siúd,» bheinn ag tréigean dúchas do chlainne. |
|
| 16 |
|
| Rinne mé machnamh d' fhonn go dtuigfinn an ní seo, ach chuaigh sé thar m' acmhainn a dhéanamh, |
|
| 17 |
|
| nó go ndeachaigh mé i sanctóir Dé is gur thugas do m' aire a gcríoch dhéanach. |
|
| 18 |
|
| Chuir tú i slí shleamhain iad go dearfa agus thug orthu titim chun a n-aimhleasa. |
|
| 19 |
|
| Féach mar a thit siad le halt na haon uaire; chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh. |
|
| 20 |
|
| Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseacht cuirfidh tú a samhailtí ar ceal, a Thiarna. |
|
| 21 |
|
| Toisc go raibh m' aigne á spreagadh chun feirge le linn do mo chroí bheith á chiapadh, |
|
| 22 |
|
| bhí mé amaideach, baoth, neamhthuisceanach; ba chuma nó beithíoch mé i d' fhianaise. |
|
| 23 |
|
| Mar sin féin bím i d' fhochair de shíor agus beireann tú ar dheasláimh orm. |
|
| 24 |
|
| Déanfaidh tú mo threorú le do chomhairle agus glacfaidh tú chun na glóire faoi dheoidh mé. |
|
| 25 |
|
| Cé atá agam ar neamh ach tú; agus má bhím leatsa ní áil liom a bhfuil ar talamh. |
|
| 26 |
|
| Bíodh go gcliseann mo cholainn is mo chroí rinne carraig mo chléibh de Dhia; is é mo chuid é go síoraí suthain. |
|
| 27 |
|
| An drong a thréigeann thú rachaidh siad ar ceal; scriosann tú a n-imíonn uait le striapachas. |
|
| 28 |
|
| Is fearr liomsa bheith i ngar do Dhia agus mo dhóchas a chur sa Tiarna, mo Dhia, ionas go n-inseoinn d' éachtaí go léir i ndoirse iníon Shíón. |
|
|
|
|