Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn «Ná Scrios». Salm Ásáf. Amhrán. 2 Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia; gabhaimid buíochas leat; agraímid d' ainm agus déanaimid d' éachtaí a fhógairt. Salm 74 |
| 2 |
| 3 «An uair a shocróidh mé féin tabharfaidh mé breith de réir an chirt. |
| 3 |
| 4 Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil ann is mé a dhaingnigh a cholúin. |
| 4 |
| 5 Deirim le lucht bladhmainn: 'Scoirigí de bhur mbladhmann'; agus leis na hurchóidigh: 'Ná maígí bhur neart, |
| 5 |
| 6 ná déanaigí gaisce as bhur neart, ná labhraigí go dolba dána.» |
| 6 |
| 7 Óir ní ón aird anoir ná aniar, ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith; |
| 7 |
| 8 is é Dia féin an breitheamh; umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann. |
| 8 |
| 9 Tá cupán d' fhíon dearg ag an Tiarna; spíosraí ann is an cúr ag cur thar maoil. Doirtfear amach é agus déanfar a dhiúgadh; diúgfaidh urchóidigh uile an talaimh é. |
| 9 |
| 10a Maidir liomsa: déanfaidh mé gairdeas go deo; canfaidh mé Salm do Dhia Iacóib. |
| 10 |
| 10b Brisfidh mé cumhacht lucht an oilc agus ardófar na fíréin i gcumhacht. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/075.mp3
150
75