Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada cheoil. Salm Ásáf. Amhrán. 2 Tá aithne ar Dhia in Iúdá; tá a ainm in airde in Iosrael. Salm 75 |
| 2 |
| 3 I Sailéim atá a bhoth agus i Síón a áras cónaithe. |
| 3 |
| 4 Is ann a bhris sé na saigheada lonracha an sciath is an claíomh is an trealamh troda. Selah |
| 4 |
| 5 Is solasmhar maorga thú, a Thiarna; is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí]. |
| 5 |
| 6 Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh, codlaíonn siad ina dtoirchim suain; tá lucht na lámh láidir gan taca. |
| 6 |
| 7 A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrach rinneadh staic de charbaid agus d' eachra. |
| 7 |
| 8 Is uafásach tú! cé a sheasfaidh i d' éadan; nuair a bhíonn racht róbhuile ort? |
| 8 |
| 9 Nuair a thug tú breithiúnas ó neamh ghabh critheagla an talamh agus thost sé. |
| 9 |
| 10 Nuair a d' éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah |
| 10 |
| 11 Déanfaidh fraoch an duine féin thú a mholadh; déanfaidh fuíoll a chuid feirge crios duit. |
| 11 |
| 12a Díolaigí bhur móideanna leis an Tiarna bhur nDia |
| 12 |
| 12b an té a bhaineann an t-anam as taoisigh gur uafásach le ríthe na cruinne é. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/076.mp3
150
76