|
| 1 |
|
| 1 Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm Ásáf. 2 Glaoim ar Dhia os ard; glaoim os ard i dtreo go n-éistfidh sé. Salm 76 |
|
| 2 |
|
| 3 Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha; Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche, agus diúltaíonn m' anam don sólás. |
|
| 3 |
|
| 4 Ligim osnadh is mé ag smaoineamh ar Dhia; ar mo mharana dom is lag liom mo mheanma. Selah |
|
| 4 |
|
| 5 Baineann tú codladh na hoíche de mo shúile; ní fhéadaim labhairt le méad mo bhuartha. |
|
| 5 |
|
| 6 Smaoiním ar na laethanta a d' imigh; is cuimhin liom na blianta fadó. |
|
| 6 |
|
| 7 Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche; scrúdaím mé féin ó spiorad. |
|
| 7 |
|
| 8 An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí; an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta? |
|
| 8 |
|
| 9 An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn; an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách? |
|
| 9 |
|
| 10 Ar thug Dia a thrua i ndíchuimhne; ar bhuaigh an fhearg ar an taise aige? Selah |
|
| 10 |
|
| 11 Dúirt mé: «Is é mo laige a mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.» |
|
| 11 |
|
| 12 Bím ag cuimhneamh ar oibreacha an Tiarna; ar na hiontais a rinne tú fadó. |
|
| 12 |
|
| 13 Bím ag smaoineamh ar do ghníomhartha go léir; déanaim machnamh ar d' éachtaí móra. |
|
| 13 |
|
| 14 Is naofa do shlí, a Thiarna; cén Dia atá chomh mór lenár nDia-na? |
|
| 14 |
|
| 15 Is tú an Dia a dhéanann éachtaí; thaispeáin tú do chumhacht do na ciníocha. |
|
| 15 |
|
| 16 Le do chuisle do cheannaigh tú do phobal; clann Iacóib agus fós clann Iósaef. Selah |
|
| 16 |
|
| 17 Thug na huiscí dá n-aire thú, a Dhia; Thug siad dá n-aire thú agus ghlac siad eagla, agus chrith na duibheagáin le barr sceimhle. |
|
| 17 |
|
| 18 Bhí na scamaill ag stealladh uisce anuas; bhí na spéartha ag caitheamh toirní go torannach; agus do shaigheada ag scinneadh de gach leith dínn. |
|
| 18 |
|
| 19 Bhí do thoirneach ag tormáil mórthimpeall agus do splancacha ag soilsiú an tsaoil. Corraíodh an talamh agus chrith sé. |
|
| 19 |
|
| 20 Bhí do shlí ar fud na farraige agus do chosáin sna huiscí móra bíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil. |
|
| 20 |
|
| 21 Sheol tú do phobal mar thréad le láimh Mhaois agus Árón. |
|
|
|
|