×

Bíobla Naofa 1981

Salm 8

1
1 Do stiúrthóir an chóir. Ar an «gittith». Salm Dháiví. 2 A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d' ainm ar fud na cruinne! Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha
2
3 as béal naíonán agus leanaí cíche. Bhunaigh tú daingean in aghaidh d' eascairde d' fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.
3
4 Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar an ré agus na réaltaí a rinne tú
4
5 cad is duine ann go dtógfá ceann de? ná mac an duine go ndéanfá cúram de?
5
6 Rinne tú beagán níos lú ná dia é gur chuir tú barr glóire agus gradaim air.
6
7 Thug tú ceannas ar oibreacha do lámh dó agus chuir tú gach aon ní faoina chosa,
7
8 idir chaoirigh agus eallaí agus eile agus ainmhithe uile an mhachaire,
8
9 éanlaith an aeir agus iasc na mara agus a ngluaiseann ar raonta na farraige.
9
10 A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d' ainm ar fud na cruinne!
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí