Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Salm Ásáf. Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe. Salm 81 |
| 2 |
| «Cá fhad a thabharfaidh sibh breith go héagórach; agus lé agaibh le cúis na n-éagráifeach? Selah |
| 3 |
| Cosnaígí an daibhir agus an dílleachta; déanaigí ceart don dealbh agus don dearóil. |
| 4 |
| Fuasclaígí a bhfuil faoi ansmacht agus ainnise; sabhálaigí ó láimh na n-éagráifeach iad.» |
| 5 |
| Bíonn siad ag útamáil gan tuiscint sa dorchacht; agus fothaí na talún á mbogadh. |
| 6 |
| Is é rud a dúirt mé: «Is déithe sibh; clann an Té is Airde sibh uile. |
| 7 |
| Éagfaidh sibh, mar sin féin, ar nós daoine; agus titfidh sibh mar a thitfeadh prionsa ar bith.» |
| 8 |
| Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh; óir is leat na ciníocha go léir. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/082.mp3
150
82