Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Amhrán. Salm Ásáf. 2 Ná bí i do thost, a Dhia; ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin. Salm 82 |
| 2 |
| 3 Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair; agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn. |
| 3 |
| 4 Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail; chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá. |
| 4 |
| 5 Dúirt siad: «Déanaimis a scriosadh mar phobal; go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.» |
| 5 |
| 6 Déanann siad cogar le chéile d' aon intinn; déanann siad cor agus conradh i do choinne. |
| 6 |
| 7 Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil; pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár, |
| 7 |
| 8 Geabal agus Amón agus Amáiléic; na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre, |
| 8 |
| 9 Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo; a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót. Selah |
| 9 |
| 10 Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián; le Síseará agus Iábaín cois Chiseon; |
| 10 |
| 11 an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór, a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh. |
| 11 |
| 12 Tabhair oidhe Oraeb agus Zéab ar a bhflatha, oidhe Zéaba agus Zalmuná ar a dtaoisigh |
| 12 |
| 13 an drong a dúirt: «Gabhaimis seilbh ar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.» |
| 13 |
| 14 Cuir scaipeadh orthu, a Dhia, mar lóchán; nó mar cháith ag imeacht le gaoith. |
| 14 |
| 15 Mar a loisceann an tine an choill, mar a loisceann an lasair na sléibhte, |
| 15 |
| 16 cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann; cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm. |
| 16 |
| 17 Folaigh a n-éadan le náire; nó go n-iarrfaidh siad d' ainm, a Thiarna. |
| 17 |
| 18 Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n-éaga siad faoi tháir agus tharcaisne! |
| 18 |
| 19 Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna; an Té is Airde os cionn an domhain go léir. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/083.mp3
150
83