×

Bíobla Naofa 1981

Salm 84

1
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Na Cantaoirí Fíona». Salm le clann Chorach. 2 Nach álainn go dearfa d' áras, a Thiarna na slua! Salm 83
2
3 Ag meirtniú le méin do m' anam, santaíonn sé cúirteanna an Tiarna. Gairdíonn mo chroí is mo cholainn, i nDia an Dia bithbheo.
3
4 An gealbhan féin, fuair sé teach; fuair an fháinleog nead di féin mar a gcuirfeadh sí a hál ag d' altóirí; a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia.
4
5 Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach; beidh siad do do mholadh de shíor.
5
6 Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart; an dream a mbíonn do shlite ina gcroí.
6
7 Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin, feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é; líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.
7
8 Téann siad ó neart go neart; feicfidh siad Dia na ndéithe i Síón.
8
9 A Thiarna na slua, éist le mo ghuí; tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah
9
10 Féach, a Dhia, ár sciath; agus breathnaigh ar aghaidh d' ungthaigh féin.
10
11 B' fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B' fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.
11
12 Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Dia a bhronnann orainn grásta agus glóir. Ní eitíonn sé maitheas ar bith ar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.
12
13 A Thiarna (a Dhia) na slua, is aoibhinn don té a bhfuil a dhóchas ionat.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí