×

Bíobla Naofa 1981

Salm 85

1
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach. 2 Bhí tú fabhrach le do thalamh, a Thiarna; d' athraigh tú chun feabhais cinniúint Iacóib. Salm 84
2
3 Mhaith tú a gcoir do do phobal agus d' fholaigh tú a bpeacaí go léir.
3
4 Chuir tú cosc le d' fhearg ar fad; chuir tú suas de do chonfadh buile.
4
5 Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir; agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.
5
6 An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách, nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch?
6
7 Nach dtabharfaidh tú aiseag ár mbeatha dúinn chun go ndéanfaidh do phobal lúcháir ionat?
7
8 Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe.
8
9 Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d' iompaigh chuige ó chroí.
9
10 Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe; chun go gcónódh a ghlóir inár dtír.
10
11 Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht; phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile.
11
12 Eascróidh an dílseacht as an talamh; agus breathnóidh an fhíréantacht ó neamh.
12
13 Cuirfidh an Tiarna an séan orainn; agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh.
13
14 Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach; agus an slánú i slí a choiscéimeanna.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí