×

Bíobla Naofa 1981

Salm 86

1
Achainí Dháiví. Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom, óir tá mé go dearóil dealbh. Salm 85
2
Déan m' anam a chosaint óir is dílis mé; fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat.
3
Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna, óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.
4
Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh, óir is chugat a thógaim m' anam, a Thiarna.
5
Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.
6
Éist le m' urnaí, a Thiarna; tabhair aire do ghlór mo ghuí.
7
Is ortsa a ghlaoim lá mo bhuartha; de bhrí go n-éisteann tú liom.
8
Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna; ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.
9
Na ciníocha go léir a rinne tú, tiocfaidh siad do d' adhradh, a Thiarna; agus déanfaidh siad d' ainm a fhógairt.
10
Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha; is tú amháin is Dia ann.
11
Múin do shlí dom, a Thiarna; i dtreo go siúlfainn i d' fhírinne; agus déan mo chroí a dhíriú, i dtreo gurab eagal liom d' ainm.
12
Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia; agus molfaidh mé d' ainm go brách.
13
Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm; sciob tú m' anam leat ó dhuibheagán ifrinn.
14
D' éirigh lucht díomais i m' éadan, a Dhia, tá drong gan trua ar thoir m' anama, drong nach bhfuil aird acu ortsa.
15
A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d' fhírinne:
16
Féach orm agus bíodh trua agat dom. Tabhair neart do do ghiolla, a Thiarna, agus cúnamh do mhac do bhanóglaigh.
17
Tabhair dom comhartha do cheana go bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú, toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí