×

Bíobla Naofa 1981

Salm 87

1
Salm chlann Chorach. Amhrán. Is ionúin leis an Tiarna a chathair suite sna sléibhte. Salm 86
2
Is ansa leis an Tiarna doirse Shíón na bothanna uile Iacóib.
3
Maítear nithe glórmhara i do thaobh, a chathair Dé!
4
«Áireoidh mé Ráhab agus an Bhablóin ar lucht mo adhartha. Beidh Filistía agus an Tuír agus an Aetóip á n-áireamh ina gclann aici.
5
Agus beifear á rá faoi Shíón: Sí is máthair dó seo is dó siúd.'» Is é an Tiarna, an Té is Airde, a bhunaigh go daingean í.
6
Scríobhfaidh an Tiarna i leabhar na bpobal: «Rugadh iad uile san áit sin.»
7
Ag rince dóibh beidh siad ag canadh: «Níl foinse agam nach bhfuil ionatsa.»
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí