1
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Muth Labben». Salm le Dáiví. 2 Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán, inseoidh mé do mhóréachtaí go léir. Salm 9a
2
3 Déanfaidh mé lúcháir agus gairdeas ionat, canfaidh mé Salm do d' ainm, a Neach is Airde,
3
4 toisc gur cuireadh mo naimhde ar gcúl; thuisligh siad agus cailleadh iad i d' fhianaise.
4
5 Óir phléigh tú mo chúis go cothrom, i do shuí duit ar an mbinse i do bhreitheamh cóir.
5
6 Lochtaigh tú na ciníocha, dhamnaigh tú na héagráifigh; scrios tú a n-ainm go brách na breithe.
6
7 Tá na naimhde arna gcloí, arna milleadh go deo; leag tú a gcathracha ar lár; chuaigh a gcuimhne ar ceal.
7
8 Tá an Tiarna faoi réim go brách; shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.
8
9 Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir, agus ceart do na ciníocha go cothrom.
9
10 Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois, ina dhaingean in am na hiaróige;
10
11 Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionat óir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.
11
12 Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón: foilsígí a éachtaí do na náisiúin;
12
13 Óir chuimhnigh an díoltasaí fola orthu, ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht.
13
14 Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d' ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,
14
15 d' fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir ag doirse iníne Síón agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.
15
16 Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d' fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.
16
17 Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir: tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin.
17
18 Rachaidh na peacaigh ar ais go Seól na náisiúin uile a rinne dearmad de Dhia.
18
19 Óir ní dhéanfar dearmad de lucht an ghátair i gcónaí; ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht in éag.
19
20 Éirigh, a Thiarna! ná lig an bua leis an duine: tugtar breith ar na ciníocha i d' fhianaise.
20
21 Scanraigh an croí iontu, a Thiarna; bíodh a fhios acu nach bhfuil iontu ach daoine. Selah
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead