×

Bíobla Naofa 1981

Salm 90

1
Achainí Mhaois, giolla Dé. A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin. Salm 89
2
Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte, sular rugadh an talamh agus an chruinne, is tú Dia gan tús gan deireadh.
3
Déanann tú deannach arís den duine á rá: «Ar ais libh, a Ádhamhchlann.»
4
Óir níl míle bliain i d' fhianaise ach mar an lá a d' imigh tharainn inné, nó mar a bheadh faire na hoíche.
5
Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling, nó mar fhéar úrghlas na maidine.
6
Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sé baintear é agus feonn sé um thráthnóna.
7
Táimid dár gcnaí go dearfa le d' fhearg; scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge.
8
Chuir tú ár n-urchóidí os do choinne, ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.
9
Gabhann ár laethanta tharainn is tú i bhfeirg linn; cuirtear deireadh lenár mblianta amhail osna.
10
Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.
11
Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge; cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?
12
Múin dúinn giorra shaoil an duine chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.
13
Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach? Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.
14
Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn, go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.
15
Déan lúcháireach sinn i ndíol ar imir tú de bhuairt orainn; i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t-olc.
16
Taispeáin do bhearta do do sheirbhísigh; agus do chlú is do chumhacht do do chlann.
17
Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainn agus go soirbhí tú saothar ár lámh; sea, go soirbhí tú saothar ár lámh!
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí