×

Bíobla Naofa 1981

Salm 91

1
An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde, a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh, Salm 90
2
deir sé leis an Tiarna: «Mo dhídean is mo dhaingean tú; mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.»
3
Saorfaidh seisean thú ar ghaiste an fhoghlaera, ós é atá [ar tí do mhillte].
4
Déanfaidh sé díon duit lena eiteoga, agus rithfidh tú chuige faoina sciatháin.
5
Ní eagal duit uamhan na hoíche, ná an tsaighead a scaoiltear sa lá,
6
ná an phlá a thriallann sa dorchacht, ná an sciúirse a mhilleann um nóin
7
Ar a shon go dtitfeadh míle le d' ais, agus deich míle ar do dheis, ní thiocfaidh sé i do ghaobhar ná i do ghaire, óir is sciath duit agus is lúireach a dhílse.
8
Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall, chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.
9
Óir is tú a dúirt: «A Thiarna, mo dhídean tú!» agus a rinne caiseal den Neach is Airde.
10
Ní thiocfaidh aon urchóid i d' aice, ná aon phlá i gcóngar do bhotha,
11
Óir thug sé ordú dá aingil i do thaobh: tú a chosaint i do shlite go léir.
12
Iompróidh siad thú lena lámha sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.
13
Satlóidh tú ar an leon is ar an nathair; gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragan.
14
De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh, agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m' ainm.
15
Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: «Táim i d' fhochair.» Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.
16
Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó; agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí