Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 1 Salm. Amhrán le haghaidh na Sabóide. 2 Is maith é buíochas a thabhairt don Tiarna, agus ceol a dhéanamh do d' ainm, a Neach is Airde, Salm 91 |
| 2 |
| 3 d' fhonn do bhuanghrá a fhógairt ar maidin, agus do dhílse i dtráthanna na hoíche, |
| 3 |
| 4 le ceol na cruite agus na cláirsí; mar aon le ceadal na lire. |
| 4 |
| 5 Óir chuir do ghníomhartha áthas orm, a Thiarna; déanaim gairdeas in oibreacha do lámh. |
| 5 |
| 6 Nach éachtach iad d' oibreacha, a Thiarna! nach domhain iad go dearfa do smaointe! |
| 6 |
| 7 Ní aithníonn fear na díchéille, ná ní thuigeann an t-amadán an ní seo. |
| 7 |
| 8 Cé go n-eascraíonn na héagráifigh mar fhéar, agus go mbíonn na hainbheartaigh faoi bhláth, |
| 8 |
| 9 níl i ndán dóibh ach léirscrios go brách; ach is tusa, a Thiarna, an Neach is Airde de shíor. |
| 9 |
| 10 Óir scriosfar do naimhde, sea do naimhde, a Thiarna, agus scaipfear na hurchóidigh go léir. |
| 10 |
| 11 Thug tú dom neart an daimh allta, agus dhoirt tú ola úr orm anuas. |
| 11 |
| 12 D' fhéach mo shúile go buach ar mo naimhde; chuala mo chluasa dea-scéala a dtreascartha. |
| 12 |
| 13 Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme; fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine. |
| 13 |
| 14 Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh, beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé. |
| 14 |
| 15 Tabharfaidh siad toradh uathu fiú amháin nuair is críon dóibh, agus iad go húrghlas i gcónaí, |
| 15 |
| 16 a fhoilsiú a fhíréanta is atá an Tiarna; mo charraig é, gan mí-ionracas ar bith ann. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/092.mp3
150
92