|
| 1 |
|
| A Thiarna Dia, is leatsa an díoltas; a Dhia, a dhíoltasaí, bí do do thaispeáint féin dúinn. Salm 93 |
|
| 2 |
|
| Éirigh! tabhair breithiúnas ar an talamh; tabhair a ndíol do lucht an díomais. |
|
| 3 |
|
| Cá fhad a mhaífidh na héagráifigh, a Thiarna; cá fhad a mhaífidh siad a mbua? |
|
| 4 |
|
| Ag gaotaireacht dóibh is ag labhairt go díomasach, bíonn na hainbheartaigh ag maíomh go mórtasach. |
|
| 5 |
|
| Gabhann siad de chosa i do phobal, a Thiarna, agus déanann siad d' oidhreacht a chiapadh. |
|
| 6 |
|
| Maraíonn siad an bhaintreach is an strainséir, agus tugann siad ár an dílleachta. |
|
| 7 |
|
| Agus deir siad: «Ní fheiceann an Tiarna é; ní thugann Dia Iacóib dá aire é.» |
|
| 8 |
|
| Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh! |
|
| 9 |
|
| An té a chruthaigh an chluas, an ea nach gcluinfidh sé? agus an té a chum an tsúil, an ea nach bhfeicfidh sé? |
|
| 10 |
|
| An té a smachtaíonn na náisiúin nach n-agróidh sé? an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige? |
|
| 11 |
|
| Is eol don Tiarna smaointe an duine; is eol dó nach bhfuil iontu ach puth anála. |
|
| 12 |
|
| Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna; an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí. |
|
| 13 |
|
| Tugann tú faoiseamh dó in aimsir a thrioblóide, nó go dtochlaítear clais don urchóideach. |
|
| 14 |
|
| Óir ní thréigfidh an Tiarna a phobal; ní thabharfaidh sé droim láimhe lena oidhreacht, |
|
| 15 |
|
| nó go mbéarfar breithiúnas de réir an chirt; agus go leanfaidh lucht an chroí dhírigh go léir é. |
|
| 16 |
|
| Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n-ainbheartach do mo chosaint ar lucht déanta an oilc? |
|
| 17 |
|
| Murach an Tiarna a theacht i gcabhair orm, ní fada go mbeadh m' anam ag lonnú i log an chiúnais. |
|
| 18 |
|
| Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim, is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé. |
|
| 19 |
|
| Nuair is líonmhar iad buarthaí mo chroí, cuireann do shóláis aoibhneas ar m' anam. |
|
| 20 |
|
| An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat, an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais? |
|
| 21 |
|
| Tugann siad fogha faoi anam an fhíréin, agus daorann siad an neamhchiontach chun báis. |
|
| 22 |
|
| Bíodh acu! sé an Tiarna mo dhaingean agus sé Dia carraig mo dhídine. |
|
| 23 |
|
| Tabharfaidh sé a n-urchóid sa mhullach orthu, agus scriosfaidh iad lena mailís féin; millfidh an Tiarna ár nDia iad. |
|
|
|
|