Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Téanam agus canaimis don Tiarna; déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe. Salm 94 |
| 2 |
| Druidimis ina láthair le haltú buíochais; déanaimis pléaráca do le hamhráin mholta. |
| 3 |
| Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna; is rí mór é os cionn na ndéithe go léir. |
| 4 |
| Is ina lámha atá duibheagáin na cruinne, agus is leis mar an gcéanna na hardsléibhte. |
| 5 |
| Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í; agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim. |
| 6 |
| Téanam, go n-adharfaimis agus go sléachtfaimis; feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn. |
| 7 |
| Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a pháirce agus caoirigh a láimhe. |
| 8 |
| Á, dá n-eistfeadh sibh inniu lena ghlór: «Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá, nó an lá úd ag Masá san fhásach |
| 9 |
| mar a ndearna bhur n-aithreacha mo phromhadh, do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta. |
| 10 |
| Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin agus dúirt mé: 'Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.' |
| 11 |
| Ar an ábhar sin mhionnaigh mé i m' fhearg nach rachaidís i mo shuaimhneas isteach go brách.» |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/095.mp3
150
95