Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Canaigí amhrán úr don Tiarna; canaigí don Tiarna,a thíortha go léir. Salm 95 |
| 2 |
| Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm; fógraígí a shlánú ó lá go lá. |
| 3 |
| Insígí a ghlóir i measc na gciníocha; agus a éachtaí i measc na náisiún. |
| 4 |
| Is mór é an Tiarna; is díol molta é; is díol eagla thar na déithe go léir é. |
| 5 |
| Ní dada iad déithe na gciníocha; ach is é an Tiarna a rinne na flaithis. |
| 6 |
| Is leis an ghlóir agus an gradam; tá cumhacht agus taibhse ina shanctóir. |
| 7 |
| Tugaigí don Tiarna, a chlanna na gciníocha; tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht. |
| 8 |
| tugaigí don Tiarna an ghlóir is dual dá ainm; tugaigí bhur dtabhartais libh isteach ina chúirteanna. |
| 9 |
| Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa; bí ar crith ina láthair a dhomhan uile. |
| 10 |
| Fógraígí do na ciníocha: «Tá an Tiarna ina Rí.» shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe; tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin. |
| 11 |
| Bíodh áthas ar neamh agus ar talamh; tugadh an mhuir agus a bhfuil inti a nglór. |
| 12 |
| Bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil ann; tógadh crainn uile na coille gártha áthais |
| 13 |
| i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht; atá ag teacht a rialú na cruinne. Rialóidh sé an domhan go cothrom, agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/096.mp3
150
96