Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Is é an Tiarna is rí, gairdíodh an talamh; bíodh lúcháir ar na hinsí go léir. Salm 96 |
| 2 |
| Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir. |
| 3 |
| Gabhann tine roimhe amach ar a shlí dó, agus í ag loscadh a naimhde de gach leith. |
| 4 |
| Soilsíonn a splancacha an chruinne; creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil. |
| 5 |
| Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarach i bhfianaise Thiarna na cruinne. |
| 6 |
| Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht; feiceann na náisiúin go léir a ghlóir. |
| 7 |
| Go raibh náire ar lucht adhartha na n-íomhánna, a bhíonn ag maíomh as a n-íola gan tairbhe; umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise. |
| 8 |
| Cloiseann Síón agus líonann sí d' áthas, agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna. |
| 9 |
| Óir is tú an Tiarna go dearfa in ardréim os cionn na cruinne, agus os cionn na ndéithe go léir. |
| 10 |
| Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t-olc; déanann sé anamacha a naomh a chosaint, á bhfuascailt ó láimh na n-éagráifeach. |
| 11 |
| Tá solas á nochtadh don fhíréan, agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh. |
| 12 |
| Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana; agus tugaigí buíochas dá ainm naofa. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/097.mp3
150
97