×

Bíobla Naofa 1981

Salm 98

1
Salm. Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin. Salm 97
2
D' fhoilsigh an Tiarna a shlánú; nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
3
Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílse do theaghlach Iosrael. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé.
4
Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile, agus nochtaigí bhur n-áthas dó.
5
Canaigí Salm don Tiarna leis an gcruit agus le fuaim na cláirsí.
6
Tógaigí gártha le fuaim stoic agus adhairce don Tiarna, ár Rí.
7
Bíodh an mhuir agus a bhfuil inti ag búiríl, an domhan agus a maireann ann.
8
Bíodh na haibhneacha ag bualadh a mbos; déanadh na sléibhte sult,
9
i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht a rialú na cruinne. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir, agus na ciníocha go cothrom.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí