Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Salm 98 Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh. |
| 2 |
| Is mór é an Tiarna i Síón; tá sé i réim os cionn na gciníocha uile. |
| 3 |
| Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach; is naofa é agus [lán de chumhacht]. |
| 4 |
| Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht. Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir; agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób. |
| 5 |
| Móraigí an Tiarna, ár nDia; umhlaígí i láthair a stóil choise; de bhrí gur naofa é an Tiarna. |
| 6 |
| Bhí Maois agus Árón ar líon a shagart. Bhí Samúéil orthu siúd a ghaireadh ar a ainm. Ghairidís ar an Tiarna agus d' éisteadh sé leo. |
| 7 |
| Is leo a labhair sé as colún an néil. Rinneadar a thoil agus choinníodar a dhlí, na haitheanta a thug sé dóibh. |
| 8 |
| Thug tú freagra orthu, a Thiarna, ár nDia, agus bhí tú i do Dhia so-mhaitheach dóibh, cé go ndearna tú a bpeacaí a agairt orthu. |
| 9 |
| Móraigí an Tiarna, ár nDia, agus umhlaígí ar a Shliabh Naofa; óir is naofa é an Tiarna, ár nDia. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/099.mp3
150
99