Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Isteach leat i láthair Fhorainn mar is mise a chruaigh a chroí agus croíthe a shearbhóntaí i dtreo go dtaispeánfainn na comharthaí seo liom ina measc:
agus i dtreo go n-eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.»
Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: «Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: 'An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.
agus clúdóidh siad aghaidh na talún i dtreo nach bhfaighidh aon duine radharc ar an talamh; alpfaidh siad a bhfuil fágtha agat tar éis an tsneachta agus alpfaidh siad gach crann leat dá bhfásann ar na bánta.
Líonfaidh siad do thithe agus tithe do shearbhóntaí go léir agus tithe na nÉigipteach go léir; ní fhaca d' aithreacha ná do shinsir a leithéid ón gcéad lá a chuireadar fúthu sa tír.'» Ansin d' iompaigh sé ar a sháil agus amach leis ó Fhorann.
Dúirt a shearbhóntaí le Forann ansin: «An fada a bheidh an fear seo ina chúis tranglaim againn? Lig don phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt don Tiarna, a nDia. Nach bhfeiceann tú fós an íde atá imithe ar an Éigipt?»
«Tabharfaimid linn ár n-óga agus ár liatha,» arsa Maois. «Tabharfaimid linn ár gclann mhac agus iníonacha, ár dtréada agus ar dtáinte, mar sí féile an Tiarna againn í.»
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Sín do lámh amach os cionn talamh na hÉigipte chun na lócaistí a thabhairt i dtreo go dtiocfaidh siad anuas ar thalamh na hÉigipte agus gach glasra ar an talamh, gach a d' fhág an clochshneachta, a alpadh.»
Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí.
Leath na lócaistí ar thalamh na hÉigipte go léir agus luíodar ina screamh chomh trom sin ar chríocha na hÉigipte go léir nach bhfacthas saithí chomh tiubh leo riamh roimhe sin, agus nach ndéanfar go deo arís!
Óir chlúdaíodar dromchla na talún ar fad i dtreo go raibh an talamh dubh leo; agus d' itheadar a raibh fágtha ag an gclochshneachta de ghlasraí san ithir agus de thorthaí ar na crainn; níor fhan aon ní glas, crann ná luibh sa bhán, ar fud chríocha na hÉigipte ar fad.
Ansin chuir an Tiarna casadh sa ghaoth sa tslí gur shéid sí chomh tréan sin ón iarthar gur sciob sí léi na lócaistí agus iad a bhreith léi go Muir na nGiolcach. Níor fágadh oiread agus lócaiste i dtír na hÉigipte ar fad.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Sín amach do lámh i dtreo neimhe i dtreo go mbeidh dorchacht ar thalamh na hÉigipte, dorchacht a ba fhéidir a mhothú.»
Chuir Forann fios ar Mhaois ansin agus dúirt: «Imígí agus déanaigí íobairt don Tiarna. Ní miste bhur miondaoine a dhul libh, ach caithfidh bhur dtréada agus bhur dtáinte fanacht anseo.»
Caithfidh ár stoc dul linn chomh maith; ní fhágfaimid crúb inár ndiaidh; mar ní foláir dúinn ár n-ofrálacha don Tiarna ár nDia a dhéanamh astu, agus ní eol dúinn féin cén íobairt atá le déanamh againn don Tiarna go sroichfimid an áit.»