Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, agus re Háaron a gcrích na Hégipte, dá rádh, |
| 2 |
| Is í an mhíse bhías aguibhsi na tosach míos: is í bhus céad mhí don bhlíadhuin díbh. |
| 3 |
| Labhruidhsi re comhthional Israel uile, ga rádh, An deachmhadh lá don míse glacfuidh síad chuca gach áonduine aca úan, do réir thighe a naithreach, úan, ar son gach éintighe. |
| 4 |
| Agus má bhíonn an teaghlach ro bheag do núan, glacadh seision é agus a chomharsa is foigse dhá thigh do reir uibhre na nannman; do dhéanuidh gach áonduine do réir mar íosas sé do chuntas ar son a nuáin. |
| 5 |
| Biáidh bhur nuáin gan toibhéim, firionnach don chéidbhliadhuin: beanfuidhe ó na cáorchuibh, nó ó na gabhruibh é: |
| 6 |
| Agus coinneochtáoi aguibh é go nuige an cceathramadh lá déag don mhí chéadna: agus muirfidh comhchruinniughadh iomlán phobuil Israel é tráthnóna. |
| 7 |
| Agus glacfuidh síad cuid do nfuil, agus buáilfid í ar dhá ursoinn agus ar fhárdorus na ttightheadh, a níosuid síad é. |
| 8 |
| Agus íosuid síad a nfeóil a noidhche sin, rósta ré teinidh, agus arán gan laibhín; re luibheannuibh searbha íosuid síad é. |
| 9 |
| Ná hithidh éinní dhe amh, nó bruithe le huisge ar éanchor, achd rosta lé tinidh; a cheann maille re na chosa, agus maille ré a mbeanann ris. |
| 10 |
| Agus ní fhuigfidhe éinni dhe go maidin; agus an mhéid bhías gan ithe dhe go maidin loisgfidhe é le teinidh. |
| 11 |
| Agus is mar so íostáoi é: maille re bhur bhfordhronnuibh criosluighthe, bhur mbróga ar bhur ccosuibh, agus bhur mbata an bhur láimh; agus íostáoi go deithneasach é; sé cáisg an TIGHEARNA é. |
| 12 |
| Oír racha misi tré chrích na Hégipte a nochd, agus buáilfead a nuile chéidghin aittír a Négipt, idir dhuine agus bheathach; agus daimhdheóin uile dhée na Hégipte cuirfeadh breitheamhnus a gcrích: as misi an TIGHEARNA. |
| 13 |
| Agus biaidh a nfuil aguibhse mar chomhartha ar na tighthibh a mbeithí: agus a nuáir do chífe misi a nfuil, racha mé thoruibh, agus ní bhía an phláigh oruibh da bhur marbhadh, a nuáir bhuáilfeas mé críoch na Hégipte. |
| 14 |
| Agus biáidh an lása aguibhsi mar chuimhne: agus cuimhdeochtháoi é mar fhéusda don TIGHEARNA ar feadh bhur sáoghuil; cuimhdeochtháoi é mar fheúsda maille ré hórdughadh síorruidhe. |
| 15 |
| Seachd lá íostáoi arán gan laibhín; eadhon an chead lá cuirfídhe amach an laibhín as bhur ttighthibh: óir ciodh bé ar bhith íosas arán laibhín ón chead lá go nuige an seachdmhadh lá, gearrfhuighear amach an tanam sin ó Israel. |
| 16 |
| Agus a chead lá bíodh aguibh comhghairm náomhtha, agus air a seachdmhadh lá biodh agaibh comhghairm náomhtha: ní dhéantar éinghné oibre ionta achd amháin an ní chaithfeas gach aonduine dithe, sin amhain is éidir libh a dhéanamh. |
| 17 |
| Agus cuimhdeochtháoi féusda a naráin gan laibhín; óir is ann sa ló chéadna sin tug misi bhur sluagh amach as crích na Hégipte: uime sin coimhéud fáoi an lása feadh bhur sáoghuil maille re hórdughadh síorruidhe. |
| 18 |
| Ann sa chéad mhí ar an cceathramhadh lá déug don mhí trathnóna íostáoi arán gan laibhín, nó go ttí an táonmhadh lá fichiod don mhi tráthnóna. |
| 19 |
| Ar feadh seachd lá ní fhuighthear laibhín ar bith an bhur ttighthibh: óir gidh bé ar bith íosas é an a bfuil laibhín, gearrfuighear go háirighe an tanamsin amach ó choimhthionól Israel, madh coimhigheach é nó duine rugadh san tír. |
| 20 |
| Ni íostai éinni ar a mbía laibhín; an bhur nuile thigthibh íostáoi arán gan laibhín. |
| 21 |
| Ann sin do ghoir Maóisi ar uile shinnsear Israel, agus a dubhairt ríu, Tigidh amach, agus glacuidh chuguibh úan do réir bhur muinntire, agus marbhuidh an casg. |
| 22 |
| Agus glacaidh ceanglachán iosóipe, agus tumaidh é san bhfuil, noch bhías annsa bhaisín, agus buáilidh an fárdorus agus an dá ursuinn leis an bhfuil bhías annsa bháisín; agus ni rachuidh áonduine aguibh amach as dorus a thighe go maidin. |
| 23 |
| Oír rachaidh an TIGHEARNA ar fadh do bhúaladh na Hégipte; agus a nuáir do chífe sé a nfuil ar a bhfárdorus, agus ar a dá ursainn, géubhuidh an TIGHEARNA thar a ndorus agus ní léigfe don mhillteóir teachd a steach ann bhur ttighthibh dá bhur mbúaladh. |
| 24 |
| Agus coinneochtháoi so mar órdughadh dhaóibh fein agus dá bhur ccloinn go bhráth. |
| 25 |
| Agus teigeomhuidh, a nuáir thiucfuidhe ann sa dúthaigh bhéuras an TIGHEARNA dhíbh, do réir mar do gheall sé, go ccuimhdeochtháoi an tserbhíse. |
| 26 |
| Agus teigeomhuibh, a nuáir a déaras bhur cclann ribh: Ciodh as cíall daóibh annsa tserbhíse? |
| 27 |
| Go naibeortháoisi Gurob í sin iodhbuirt chásg an TIGHEARNA, noch do sheachuin tighthe cloinne Israel san Négipt, a nuáir do bhuáil se na Hégiptigh, agus do sháor ar dtighthene. Agus do chromadar an pobal a cinn agus do adhradar. |
| 28 |
| Agus do imthigheadar clann Israel, agus do rinneadar mar do aithinn an TIGHEARNA do Mhaóisi, agus do Aáron, is mar sin do rinneadar. |
| 29 |
| Agus táinic a ccrich, san meadhon oidhche gur bhuail an TIGHEARNA a nuile chéidghin a dtir a Négipt, ó chéidghin Phárao noch do shuidh na chathaóir ríogha, go céidghin na braighde do bhí san phríosún; agus a nuile chéidghin na hairnéisi. |
| 30 |
| Agus do éirígh Phárao san noidhche, é féin agus a mhuinntir uile, agus na Hégiptigh uile, agus do bhí gaír ghuil mhóir san Négipt; oir ní raibh tigh gan duine marbh ann. |
| 31 |
| Agus do ghoir sé ar Mhaóise agus ar Aáron san noidhche, agus a dubhairt, Eirgidh súas, agus imthigh amach ó bheith a measg mo Phobail, sibh féin agus clann Israel; agus éirgidh, déanuidh serbhís don TIGHEARNA, mar a dubhrabhair. |
| 32 |
| Mar an gcéadna beiridh bhur ttréada agus bhur nealbhadha libh, mar a dubhrabhair, agus ímthighidh; agus beannuighidh misi mar an gcéadna. |
| 33 |
| Agus do bhadur na Hégiptigh duthrachtach ar an bpobal chum go gcuirdís amach as a talamh íad, go deithneasach: óir a dubhradar, As daóine marbha sin uile. |
| 34 |
| Agus rugadar na daóine a ttáos leó, suil do bhí sé a laibhín, air mbeith dá loistibh fuinte ceangailte suas a néaduighibh ar a ngúaillibh. |
| 35 |
| Agus do rinneadar clann Israel do réir bhréithre Mhaóise; agus do airliceadar óna Hégiptibh seóid airgid agus seóid óir, agus éaduighe: |
| 36 |
| Agus tug an TIGHEARNA fabhar don phobal a bhfiaghnuise na Négipteach, ionnus go ttugaidís dóibh na neithe do íarradar orra. Agus do shladadar na Hégiptigh. |
| 37 |
| Agus do ghluaiseadur clanna Israel ó Rameses go Succot, timchioll sé cead míle fear dá ccois, taobh amuigh do leanbuibh. |
| 38 |
| Agus mar an gceadna do chuadar mórán daoine cumaisce leó súas; agus tréada agus ealbhadha, rómhóran áirnéise. |
| 39 |
| Agus do bhruitheadar bairgheana gan laibhín don táos noch thugadar leó amach as a Négipt, óir ní raibh laibhín air: óir do dingeadh amach as a Négipt íad, agus níor fhéadadar fuireach, ní mó do ullmhuigheadar bíadh ar bith dhóibh féin. |
| 40 |
| Agus cuáirt chloinne Israel, noch do chomhnuigh san Négipt, bá ceithre chéad, agus tríochad bliadhan é. |
| 41 |
| Agus tárlá ar gríochnughadh na gceithre ccéad agus na ttríochad blíadhan, an lá sin féin, go ttáinic a gcrich gur imthigheadar sluagh an TIGHEARNA uile amach as a Négipt. |
| 42 |
| Is oidhche sin re coimheád go mór don TIGHEARNA, ar son a ttabhairtsion ámach as crích na Hégipte: sí so a noidhche sin an TIGHEARNA re na coimhéad ag clannuibh Israel uile ann a ngeinealachuibh. |
| 43 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise agus re Háaron, Se so ordughadh na cásg: Ní iósaidh coimhightheach ar bith dhe: |
| 44 |
| Ach serbhíseach gach áonduine ceinneachthar ar airgead, a nuair thimchillgheárfus tú é, ann sin íosaidh sé dhe. |
| 45 |
| Fear éanuáire nó serbhíseach túarusduil ni íosuidh sé dhe. |
| 46 |
| A néuntigh amháin íostar é; ni bhéura tú éinní do nfeóil amach as a tigh; ni mó bhrisfidhe cnáimh dhe. |
| 47 |
| Do dhéanuid coimhthionol Israel uile é. |
| 48 |
| Agus a nuair do dhéana coimhightheach comhnuighe ad fhochair, agus choimheadfas an chaisg don TIGHEARNA, timchillgheárthar a chlánn mhac uile, agus ann sin tigeadh a bhfogus agus coimhéadadh é; agus biaidh sé mar aon bhearthar san tír: oír ni íosuidh éainneach gan timchillghearradh é. |
| 49 |
| Endligheadh amháin bhías ag an té bhearthar san tír, agus ag an ccoimhightheach choimhneochus bhur bhfocair. |
| 50 |
| Marso do rinneadar clann Israel; fa mar do aithin an TIGHEARNA do Mháoise agus do Aáron, mar sin do rinneadur. |
| 51 |
| Agus tárla an lá sin féin, go ttug an TIGHEARNA clann Israel amach as a Négipt ré na slúaghuibh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/exodus/012.mp3
40
12