Dúirt Maois leis an bpobal: «Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.
Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d' aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.
I gcaitheamh na seacht lá sin, itear arán gan ghabháile; ná bíodh aon arán gabháilte le feiceáil agat ná radharc ar aon ghabháile ar fud do chríoch go léir.
Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d' éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.
«Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú go dtír na gCanánach, rud a mhionnaigh sé duit féin agus do d' aithreacha a dhéanfadh sé, agus an tír a thabhairt duit,
Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: 'Cén chiall atá leis seo?' déarfaidh tú leis: 'Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;
óir nuair a dhiultaigh Forann le barr ceanndáine ligean dúinn imeacht, mharaigh an Tiarna gach céadghin i gcríocha na hÉigipte, idir chéadghin an duine agus chéadghin an ainmhí. Uime sin íobraím don Tiarna gach fireannach a chéadosclaíonn broinn; ach gach céadghin mhic liom, fuasclaím é.'
«Nuair a lig Forann do chlann Iosrael imeacht, níor sheol Dia iad ar an mbóthar trí thír na bhFilistíneach, cé gur chóngar é, «le heagla,» a dúirt Dia, «go dteipfeadh an misneach ar an bpobal nuair a d' fheicfidís cogadh rompu, agus go bhfillfidís ar an Éigipt.»
Thug Maois cnámha Iósaef leis mar gur chuir seisean clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: «Déanfaidh Dia sibh a fhiosrú, déanfaidh sin; agus ansin ní foláir daoibh mo chnámha a bhreith ón áit seo.»
Ghabh an Tiarna rompu mar cholún néil sa lá ag tabhairt eolas na slí dóibh, agus mar cholún tine san oíche ag tabhairt solais dóibh, i dtreo nár chás dóibh taisteal de lá nó d' oíche.