Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, ag radh, |
| 2 |
| Labhair lé cloinn Israel, go bfhfillid agus go ndéarnaid campa as coinne Phihahirot, eidir Migdol agus a nfairge, thall ar aghuidh Baal-sephon; as a choinne do dhéantáoi campa láimh ris a nfairge. |
| 3 |
| Oír a déara Phárao a ttaobh chloinne Israel, Atáid síad air seachrann san tír, do íadh an fásach na ttimchíoll: |
| 4 |
| Agus cruáidheocha misi croidhe Phárao, ionnus go leanfuidh sé iad, agus do gheabhadsa glóir a dtimchioll Phárao, agus a shloigh uile; chor go mbía a fhios ag na Hégiptibh gur mé an TIGHEARNA. Agus do rinneadar sin. |
| 5 |
| Agus do hinnseadh do rígh na Hégipte gur theitheadur an pobal: agus do cláochlóidheadh croidhe Pharao agus a mhuinntire a naghuidh an phobuil, agus a dubhradar, Créad fá ndearnamar so? as ar léigeamar Israel dimtheachd as ar serbhis? |
| 6 |
| Agus do réighidh sesion a charbad, agus rug a mhuíntir leis: |
| 7 |
| Agus rug leis sé chéad carbad tóghtha, agus carbuid na Hégipte uile agus ceann feadhua os cionn gach éanchoda dhíobh. |
| 8 |
| Agus do chruáidhigh an TIGHEARNA croidhe Phárao rígh na Hégipte, agus do ghluais sé a ndiáigh chloinne Israel: agus do chúadar clanna Israel amach lé láimh áird. |
| 9 |
| Achd do leanadar na Hégiptigh ná ndiáigh (eich agus carbaid Phárao, agus a mharcshlúagh agus a shlúagh uile) agus rugadar orra a ccampa chois na fairge, ré táobh Pihahirot, as coinne Baal-sephon. |
| 10 |
| Agus a nuair tháinic Phárao láimh ríu, do thógbhadar clann Israel a suile súas, agus féuch, do shineadur ua Hégiptigh na ndiáigh, agus do bhádursan lan deagla: agus do éimhgheadur clann Israel ar an TTIGHEARNA. |
| 11 |
| Agus a dubhradur re Maóise, Do chionn nach rabhadar uaighe sa Négipt, thug tú leachd sinn dfagháil bháis san bhfásach? Cread fá ndearna tú marso rinn, ar ttabhairt amach as a Négipt? |
| 12 |
| Nach é so an focal do innseamar dhuit sa Négipt, ag rádh, Léig dhuinn serbhís a dhéanamh do na Hégiptibh? Oir do bfearr dhúinne serbhís do dhéanamh do na Hégiptibh, ná bás dfagháil san bhfasch. |
| 13 |
| Agus a dubhairt Maóise ris an bpobal, Ná bíodh eagla oruibh, fanuidh bhur seasamh, agus féuchuidh tártháil an TIGHEARNA, noch thaisbéanfás sé dhíbh a niugh; óir na Hégiptigh do choncabhair a niugh, ní fhaicfidhe íad a rís go bráth. |
| 14 |
| Troidfidh an TIGHEARNA ar bhur son, agus beithíse bhur dtocht. |
| 15 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Cread fa néimhgheann tú orumsa? abuir ré cloinn Israel dul ar a naghuidh: |
| 16 |
| Achd tógsa súas do shlat, agus sín amach do lámh ós cionn na fairge, agus roinn í: agus imeochuid clann Israel ar talamh tirim tré lár na fairge. |
| 17 |
| Agus féuch, crúaidheochaidh misi eadhon misi croidhe na Négiptach, agus leanfuid iad: agus do geabhadsa glóir a ttimchíoll Phárao, agus a shlóigh uile, agus ar a charbaduibh agus ar a mharcshluagh. |
| 18 |
| Agus aitheonuid na Hégiptigh gur mé an TIGHEARNA, a nuáir do gheabha mé onóir ar Phárao, ar a charbaduibh, agus ar a mharcshluagh. |
| 19 |
| Agus aingeal Dé, noch do bhí roimhe champa Israel, do atharruigh agus do chuáidh na ndiáigh, agus do chuaidh an pileir neill ó bhe roimhe an aghaidh, agus do sheas na ndiaigh: |
| 20 |
| Agus táinic se idir champa na Négipteach agus campa Israel; agus do bhí na néull, agus na dhorchadas dóibh súd agus thug solus dóibh so sa roidhche: ionnus nach dtáinic ceachdar dhíobh a ngar a chéile ar feadh na hoidhche: |
| 21 |
| Agus do shin Maóise a lámh amach ós cionn na fairge; agus tug an TIGHEARNA ar an bhfairge dul (ar a hais) lé gáoith láidir a noir, ar feadh na hoidhche sin agus do rinne a nfairge na talamh thirim agus do roinneadh na huisgidhe. |
| 22 |
| Agus do chúadar clann Israel a lár na fairge ar an ttalamh thirim: agus do bhádur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis, agus ar a cclé. |
| 23 |
| Agus do leanadur na Hégiptigh íad agus do chúadar na ndiáigh go lar na fairge, eadhon eich Phárao uile, a charbuid, agus a mharcshluagh. |
| 24 |
| Agus táinic, timchioll fhaire na maidne gur fhéuch an TIGHEARNA ar shlúagh uibh na Négipteach thríd an bpileir tineadh, agus an néull, agus gur bhuaidhir slúagh na Négipteach. |
| 25 |
| Agus do bhean a mach roithléin na gcarbad, gur thairngeadar íad go trom: ionnus go ndubhradar na Hégiptigh, Teitheamáoid as lathaír Israel; óir atá an tighearna ag troid ar a son a naghuidh na Négipteach. |
| 26 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóisi, Sín amach do lámh ós cionn na fairge, ionnus go ttigid na huisgidhe a rís ar na Hégiptibh, ar a ccarbaduibh, agus ar a marcshluagh. |
| 27 |
| Agus do shín Maóise a lámh amach ós cionn na fairge, agus do fhill a nfairge iona néart féin a nuair do fhoillsigh an mhaidin; agus do theitheadar na Hegíptigh na haghuidh: agus do bháith an TIGHEARNA na Hégiptigh a lár na fairge. |
| 28 |
| Agus do fhilleadur na huisgidhe, agus do fholchadar na cárbuid, agus an marcshlúagh, agus slúagh Phárao uile, noch tháinic san bhfairge na diáigh: níor fagbhadh niread agus éinneach dhíobh. |
| 29 |
| Agus do imtheadar clann Israel ar talamh tirim a lár na fairge; agus do bhadur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis, agus ar a cclé. |
| 30 |
| Mar so do sháor an TIGHEARNA Israel an lá sin as lámhuibh na Négipteach, agus do chonnuirc Israel na Hégiptibh marbh ar thráigh na fairge. |
| 31 |
| Agus do chonnairc Israel a nobair mhór sin do rinne an TIGHEARNA ar na Hégiptibh: agus do bhi eagla an TIGHEARNA ar an bpobal, agus do chreideadar an TIGHEARNA, agus a sherbhíseach Maóise. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/exodus/014.mp3
40
14