Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comhthionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil.
agus deiridís leo: «Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach san fhásach seo sinn chun an comhthionól go léir a chur chun báis den ghorta.»
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Anois fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Rachaidh an pobal amach gach lá chun cuid an lae sin a chnuasach, d' fhonn iad a phromhadh féachaint an siúlfaidh siad i mbealaí mo dhlí nó nach ndéanfaidh siad.
Dúirt Maois agus Árón dá bhrí sin le pobal Iosrael go léir: «Tráthnóna an lae seo, beidh a fhios agaibh gurbh é an Tiarna a thug amach sibh ó thír na hÉigipte,
Dúirt Maois: «Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain óir céard é sinne? ach i gcoinne an Tiarna.»
«Chuala,» ar sé, «gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: 'Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.'»
Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile: «Cad é seo (man hú)?» mar nárbh fhios dóibh cad é. «Sin é,» arsa Maois, «an t-arán a thug an Tiarna le hithe daoibh.
Seo mar a d' ordaigh an Tiarna daoibh: 'Cruinníodh gach duine agaibh riar a cháis de, ómar an duine de réir an líon daoine atá ag gach duine ina bhoth.'»
Nuair a thomhaiseadar é le hómar ansin, an té a chruinnigh breis ní raibh aon fhearasbarr aige; agus an té a chruinnigh níos lú ní raibh aon easnamh air. Bhí a sháith cruinnithe ag gach duine.
Ní dhearnadar rud ar Mhaois agus choimeád cuid acu roinnt de go maidin, ach tháinig cruimheanna ann agus boladh bréan uaidh; bhí fearg ar Mhaois chucu.
dúirt seisean leo: «Seo mar a d' ordaigh an Tiarna: 'Lá saoire iomlán an lá amárach, sabóid naofa don Tiarna. Bácálaigí a bhfuil le bácáil, beirigí a bhfuil le beiriú, agus a mbeidh fágtha, cuirigí i leataobh é go dtí amárach.'»
Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.»
Agus dúirt Maois: «Seo mar a d' ordaigh an Tiarna: 'Líon ómar de le coimeád do shliocht bhur sleachta, i dtreo go bhfeicfidh siad an bia lenar bheathaigh mé sibh san fhásach nuair a thug mé amach ó thír na hÉigipte sibh.'»
Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán.