Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Agus do ghluáiseadar ó Elim, agus táinic comhchruinneaghadh chloinne Israel uile go fásach Sin, noch atá idir Elim agus Sínai, an cúigeadh lá déug don dara mhí, tar éis a tteachd as crích na Hégipte. |
| 2 |
| Agus do rinneadur comhcruinniughadh chloinne Israél uile munbhar a naghaidh Mhaóise agus Aároin san bhfásach: |
| 3 |
| Agus a dubhradur clann Israel ríu, Do bfear linn go bhfaghmáois bás re láimh an TIGHEARNA a gcrích na Hégipte, a nuáir do shuigheamar láimh ré potuighibh na féola, agus a nuair do ithmís arán ar saith: óir tug sibhsi amach sinn san bhfásach so, do mharbhadh na coimhthionalasa uile lé hocrus. |
| 4 |
| An sin dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Féuch, fearfa misi aran ó neamh dháoibh, agus rachuid na dáoine amach agus cruinneochuid suim áirighe gach lá, go ndearbha mé íad, an siubholuid ann mo dhligheadh, nó nach déanúid. |
| 5 |
| Agus tiucfaidh a ccrich an seiseadh lá, go nuilmheochuid an ni do bhéuruid léo a steach; agus biáidh sé fá dhó ní is mó na an ní chruinnighid go láetheamhuil. |
| 6 |
| Agus a dubhairt Maóise agus Aáron ré cloinn Israel uile, Tráthnóna, ann sin aitheóntáói gur bé an TIGHEARNA thug amach sibh as crích na Hégipte: |
| 7 |
| Agus ar maidin ann sin do chifídhe gloir an TIGHEARNA; óir dó chluin se bhur munbhar a naghaidh an TIGHEARNA: agus créad sinne, as a ndéanadh sibh munbhar ar naghuidh? |
| 8 |
| Agus a dubhairt Maóise, Bíaidh an ní marso, a nuáir do bheura an TIGHEARNA dhibh tráthnóna féóil re ithe, agus ar maidin arán bhur sáith; do chionn go gcluin an TIGHEARNA bhur munbhar noch do nithí do mhunbhar na aghuidh: óir ciodh sinne? ní ar naghuidhne atáid bhur munbhar, achd a naghuidh an TIGHEARNA. |
| 9 |
| Agus do labhair Maóise ré Haáron, Abair ré coimhthíonól chloinne Israel uile, Tighidh a bhfogus a láthair an TIGHEARNA: óir do chúaluidh sé bhur munbhar. |
| 10 |
| Agus tárla, mar do labhair Aáron le coimhthionol chloinne Israel uile, gur fhéuchadur a leith a nfásaigh, agus, féuch, do fhoillsigh glóir an TIGHEARNA annsa néull. |
| 11 |
| Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, ag rádh, |
| 12 |
| Do chúala mé munbhar chloinne Israel: labhair ríu, ag rádh, Tráthnóna, iostáoi feóil, agus ar maidin líonfuighear le harán sibh; agus aitheóntáoi gur misi an TIGHEARNA bhur Ndía. |
| 13 |
| Agus tárla trathnóna, go ttangadar na gearraghuirt súas, agus gur fholuigheadar an campa: agus ar maidin do luigh an drúchd fá gcuáirt a dtimchioll an tsluáigh. |
| 14 |
| Agus a nuair do imthígh an drúchd súas, nochd do luigh, féuch, do luigh ar ghnuis an fhasuigh ni beag cruinn coimhmion rís an tsioc líath ar a talamh. |
| 15 |
| Agus a nuáir do chonncadar clann Israel é, do ráidheadar an duine re a chéile is Manna é: óir ni raibh a fhios aca créad é. Agus a dubhairt Maóise ríu, Ag so tarán thug an TIGHEARNA dhaóibh ré ithé. |
| 16 |
| A sé so an ní noch do aithin an TIGHEARNA, Cruinnigheadh gach áonduine dhe do réir mar iósas sé. Omer dá gach áonduine, do réir uibhire bhur nanmann; beiridh libh gach áonduine aguibh chuca sin ata an bhur lóistinibh. |
| 17 |
| Agus do rinneadar clann Israel sin, agus do chruinnigheadar cuid ní bá lugha, agus cuid ní bá mhó. |
| 18 |
| Agus a nuair do thoimhseadar é le omer, an té do chruinnigh iomarcuidh, ní raibh éainni dá bhárr aige, agus an té do chruinnígh beagan, nior theasda éainní uadh: do chruinnigh gach áon acá do réir mar do íosadh sé. |
| 19 |
| Agus a dubhairt Maóise, Na fágbhadh áonduine ní dhe a ccoinne na maidne. |
| 20 |
| Gidheadh níor éisdeadar ré Maóise; ach do fhág cuid dhíobh ní dhe go maidin, agus do rinneadh cnumha dhe, agus do bhréun; agus do bhi Maóisi feargach riú. |
| 21 |
| Agus do chruinnigheadar é gach éanmhaidin, gach áon do réir mar do íosadh sé: agus a nuáir do lasadh an ghrían, do leaghadh sé. |
| 22 |
| Agus tárla, ar a seisiodh lá gur chruinnigheadar dhá uirid aráin, dhá omer gach áonduine aca: agus tangadar uachdaráin an choimhthionol úile, agus do innseadar sin do Mhaóise. |
| 23 |
| Agus a dubhairt sé riú, Se so ann ní a dubhairt an TIGHEARNA, A márach atá suáimhneas na sáoire náomhtha don TIGHEARNA: fuinigh a niúgh an mheid bfuinfighe, agus bruithigh an mhéid bhruithfidhe: agus an mhéid bhias ós a chionn, cuiridh súas dibh féin dá chumhdach go maidin é. |
| 24 |
| Agus do chuireadar súas é a dtaiscigh go maidin, mar do aithin Maóisi dhíobh, agus níor bhréun sé agus ní raibh én phéist ann. |
| 25 |
| Agus do ráidh Maóise, Ithidh sin a niugh; óir is sabóid don TIGHEARNA an lá as niugh: ní bhfuighthí a niugh é annsa mhachaire. |
| 26 |
| Sé la chruinneochtháoi é; achd an seachdmhadh lá, noch atá na sháoire, ní bhía sé ann. |
| 27 |
| Agus tárla, go ndeachadar cuid don phobal amach an seachdmhadh lá do chruinniughadh, agus ni fhúaradar éinni. |
| 28 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Gá fad bheithi ag diultadh maitheantadh, agus mo dhlighthe do choímhéud? |
| 29 |
| Féuch, ar a shon so tug an TIGHEARNA an tsábóid dháoibh, uime sin do bheir sé dháoibh air an seiseadh lá arán dha lá: fanadh gach áon aguibh na áit, ná héirgeadh einneach aguibh amach as a áite air an seachdmhadh lá. |
| 30 |
| Mar sin do fhosadar an pobal air an seachdmhadh lá. |
| 31 |
| Agus do ghoir teagh Israel manna dhé sin mar ainm: agus do bhí sé geal mair shíol coriander; agus a bhlas cosmhuil ré abhlainn do dhéantáoi ré mil. |
| 32 |
| Agus a dubhairt Máoise, Sé so an ní aithnighíos an TIGHEARNA, Lionuidh ómer dhé dá choimhéud fá choinne bhur sleachda; ar chor go bhfaicfidh síad an tarán lear bheathuidh mé sibh san bhfásach, a nuáir thug mé amach sibh as talamh na Hégipte. |
| 33 |
| Agus a dubhairt Maóise ré Háaron, Glac póta, agus cuir lán ómer do mhanná ann, agus cuir a bhfiaghnuisí an TIGHEARNA é, dá choimheud do bhur sleachduibh. |
| 34 |
| Fá mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, mair sin do chuir Aáron súas é as coinne na fíadhnuise, dá chumhdach. |
| 35 |
| Agus a dúadar clann Israel manna ceathrachad blíadhan, nó go ttangádar go tír áitreabha: do bhádar ag ithe manna, nó go ttangádar go teóruinn thire Chánaain. |
| 36 |
| Omer annois ionnan í; agus an deachmhadh cuid do ephah. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/exodus/016.mp3
40
16