Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| A nuair do chualuidh Ietro sagart Mhídian, clíamhuin Mhaóise, a nuile ní do rinne Día ar son Mhaóise, agus ar son Israel a phobál féin, agus go rug an TIGHEARNA Israel amach as a Négipt; |
| 2 |
| Ann sin rug Ietro, clíamhuin Mhaóise, Sipporah, bean Mhaóise leis tar éis a cur ar a hais; |
| 3 |
| Agus a días mac; dar bhainm dáon díobh Gersom; óir a dubhairt sé, Do bhí mé am choigcríoch a ttír choimthigh. |
| 4 |
| Agus dob é ainm an fhir eile Elieser: óir dob é Día máthar mo chúngantach, agus do sháor mé ó chloidheamh Phárao: |
| 5 |
| Agus táiníc Iétro, cliamhuin Mhaóise, maílle ré na mhacuibh agus lé na mhnáoi go Maóise don fhásach, mar a ndearna sé foslungphurt a slíabh Dé: |
| 6 |
| Agus a dubhairt sé re Maóise, Mísi do chlíamhuin Iéthro, tháiníc mé chugad, agus do bhean, agus á dhías mac lé. |
| 7 |
| Agus do chuáidh Maóise a mach a ccoinne a chleamhna, agus do rinne umhla agus tug póg dhó; agus do fhiafruigh gach neach dhiobh dá chéile cionnus do bhádar: agus tangadur don lóistín. |
| 8 |
| Agus do innis Maóise da chlíamhuin a nuile ní do rinne an TIGHEARNA ré Phárao agus ris na Hégiptibh ar son Israel, agus a nuile aisdior dá ttainic orra ann sa tslighe, agus cionnus do sháor an TIGHEARNA íad. |
| 9 |
| Agus do gháirdigh Iethro ar son na huile mhaítheasa dá ndearna an TIGHEARNA do Israel, noch do sháor sé as lámhuibh na Negipteach. |
| 10 |
| Agus a dubhairt Iétro, Gó madh beannuighe an TIGHEARNA, noch do sháor sibh ó lamhuibh na Négipteach, agus as lamh Pharao, noch do shaor na daoine ó bhe faói lamh na Negiptach. |
| 11 |
| Annois aithnighim gur mó an TIGHEARNA ná a nuile dhée: óir ann sa ní ann ar bheanadarsan go huáibhreach do bhí sé ós a ccionn. |
| 12 |
| Agus do ghlac Iethro, clíamhuin Mhaóise, ofráil loiscthe, agus iodhbartha do Dhía: agus táinic Aaron, agus sinnsir Israel uile, dithe aráin lé chíamhuin Mhaóise a bhfiaghnuisi Dé. |
| 13 |
| Agus tárla ar na mhárach, gur shuigh Maóise do bhreithniughadh an phobail: agus do sheasadar an pobal ag Maóise ó mhaidin go tráthnóna. |
| 14 |
| Agus a nuáir do chonnairc clíamhuin Mhaóise a nuile ní do rinne sé ris an bpobal, a dubhairt sé, Cread an nisi do ní tú ris an bpobal? cread as a suigheann tú féin ad áonar, agus an pobal uile na seasamh agad, ó mhaidin go tráthnóna? |
| 15 |
| Agus a dubhairt Maóise ré na chlíamhuin, Do chionn go ttig an pobal chugam do cheasnughadh um Dhía: |
| 16 |
| A nuáir bhías cúis aca, tigid chugamsa; agus beirim breath idir gach dá rann, agus do bheirim orra fios reachda Dé, agus a dhlighe do bhaith aca. |
| 17 |
| Agus a dubhairt clíamhuin Mhaóise ris, An read do ni tú ní maíth é. |
| 18 |
| Caithfe tú as go deimhin, áraon thú féin, agus an pobalsa ad fhochair; óir is rothrom an ní si dhuit; ní héidír dhuit a chomhlíonadh, thú féin ad áonar. |
| 19 |
| Eíst annois ream ghuthsa, do bhéura mé comhairle dhuit, agus biáidh Día maille riot: Bídhsi ar son an phobuil leath ré Día; chor go mbéura tú a ccúis go Día: |
| 20 |
| Agus múinfe thu órduighthe, agus dlighthe dhóibh, agus taisbéanfa tú dhóibh an tslighe ann a ccaithfid síad siubhal, agus a nobair chaithfid síad do dhéunamh. |
| 21 |
| Os a chionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneacha, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneacha, fhuathuigheas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uachdarain mileadh, uachdarain céad, uachdarain cáogad, agus uachdaráin deithneamhuir: |
| 22 |
| Agus breathnuighidis an pobal ann gach uile am: agus is amhla bhías, go dtiubhruid chugadsa a nuile cúis mhór, ach gach uile chúis bheag breithneochuid féin: mar sin bhias socamhlach dhuitse, agus iomchoruidsion an túalach maille leachd. |
| 23 |
| Má ní tú an ní si, agus go naitheonuidh Día sin díot, ann sin bhus éidir leachd a iomchar, agus an pobalsa mar an gcéudna rachuid da náit féin a síothcháin. |
| 24 |
| Mar sin do éist Maóise re guth a chleamhna, agus do rinne a ndubhairt sé uile. |
| 25 |
| Agus do thogh Maóise dáoine iomchubhuidh as Israel uile, agus do rinne sé nachdaráin díobh ós cionn an phobuil, uachdaráin mileadh, nachdaráin chéad, uachdaráin chaoghad, agus uachdarain dheithneamhuir. |
| 26 |
| Agus do nídís breitheamhnus ar an bpobal gach uile uáir: na cúise cruaidhe do bherdís go Maóise, achd gach uile chuis bheag do réighedís fein. |
| 27 |
| Agus do léig Maóise dá chliamhuin imtheachd; agus do chúaidh sé dá dhuthaigh féin. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/exodus/018.mp3
40
18