Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.
Agus d' fhreagair an pobal go léir d' aonghuth: «A bhfuil ráite ag an Tiarna, comhlíonfaimid.» Agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna.
Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo» (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna).
Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall á rá: 'Seachnaígí agus ná téigí faoin sliabh suas ná baint lena theorainn; aon neach a bhainfidh leis an sliabh, cuirfear chun báis é.
Ní leagfar lámh air ach gabhfar de chlocha ann, nó déanfar é a lámhach; ní fhágfar beo é, bíodh sé ina dhuine nó ina ainmhí.' Nuair a shéidfear dord fada ar an adharc, tagaidís aníos chun an tsléibhe.»
Le breacadh an tríú lá, tharla toirneacha agus splancanna tintrí ar an sliabh, agus scamall tiubh agus dord an-ard trumpa; agus bhí na daoine go léir sa champa ar crith.
Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb.
Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Imigh síos agus bagair ar an bpobal gan briseadh thar teorainn ag teacht chun radharc a fháil ar an Tiarna agus go bhfaigheadh a lán acu bás.
Agus dúirt Maois leis an Tiarna: «Ní féidir don phobal teacht Sliabh Shíonái aníos óir thug tú féin rabhadh dúinn á rá: 'Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall agus fógair é a bheith naofa.'»
«Imigh síos,» arsa an Tiarna leis, «agus tabhair aníos Árón leat ag teacht aníos arís. Ach na lig do na sagairt ná don phobal dul thar a dteorainneacha ag iarraidh teacht aníos chun an Tiarna, nó brisfidh sé orthu.»