Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Annsa treas mhi a nuáir dó chuadar clann Israel amach as crích na Hégipte, an lá céadna thangadar go fásach Sínai. |
| 2 |
| Oir do bhádar ar nimtheachd ó Réphidim, agus tangadar go díothramh Sinai, agus do chomhnuigheadar san bhfásach; agus ann sin do rinneadur clanna Israel comhnuighe as coinne an tsléibhe. |
| 3 |
| Agus do chuáidh Maóisi súas go Día, agus do ghoir Día air as a tslíabh, ag rádh, Is marso deurá tú re tigh Iácob, agus innis do chloinn Israel; |
| 4 |
| Do choncamhair cred do rinne mé ris na Hégiptibh, agus cionnus do iomchuir mé sibhsi ar eitibh iolair, agus tug mé chugam feín sibh. |
| 5 |
| Anois uime sin, má umhluighthigh dom ghuth daríribh, agus mo chunnradh do chomhall, annsin beithí mar nionmhus diongmháladh agam os cionn gach uile phobal: óir is liomsa an talamh uile: |
| 6 |
| Agus beithi agum bhar rioghachd sagart, agus bhar gcineadh naomhtha. A siad so ná bríathra labheorus tú re cloinn Israel. |
| 7 |
| Agus táinic Maóise, agus do ghoir sé ar shinsearuibh an phobuil, agus do chuir as a ccoinne na bríathra so uile, noch do aithin an TIGHEARNA dhe. |
| 8 |
| Agus do fhreagradar an pobal uile a néinfheachd, agus a dubhradar, a nuile ní do labhair an TIGHEARNA do dhéanuim é. Agus do fhill Maóise bríathra an phobuil chum an TIGHEARNA. |
| 9 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóisi, Féuch, tigimse chugad a neull tiugh, chor go gcluinfid an pobal a núair laibheórad riot, agus go ccreidfid thú go bráth. Agus do innis Maóise briathra an phobuil don TIGHEARNA. |
| 10 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóisi, Eirigh gus an bpobal, agus naómhuidh iad a niugh agus a márach, agus nighedís a néaduighe, |
| 11 |
| Agus bithi réigh a gcoinne an treas lá: óir an treas lá thiucfas an TIGHEARNA a núas a namharc an phobuil uile ar slíabh Sínai. |
| 12 |
| Agus cuirfe tu teóranna ré huchd an phobail timchioll fa ccuáirt, ag rádh, Tugaidh aire dháoibh féin, nach rachthaoi súas ar an tslíabh, no nach beanfuidhe re na imeal: gidh be bheanfus ris a tslíabh, go deimhin cuirfighear chum báis é: |
| 13 |
| Ni bhainfe lámh ris, ach go deimhin clochfuighear é, no goinfighear thríd é, mas ainmhidhe é nó duine, ni mhairfe sé: a nuair sheidfeas se an stoc go sínteach, tíucfaid súas chum na tsléibhe. |
| 14 |
| Agus do chuaidh Maóise síos ón tslíabh chum an phobuil, agus do náomhuigh an pobal; agus do nígheadar a néuduighe. |
| 15 |
| Agus a dubhairt sé ris an bpobal, Bithi reidh a ccoinne an treas lá: na tigidh a ngar bhur mban. |
| 16 |
| Agus tárla an treas lá air maidin, go rabhadar tóirneacha agus tinnteacha, agus neul tiugh ar a tslíabh, agus guth an sduic ro árd; ionnus gur criothnuigheadar a raibh do dhaóinibh annsa champa. |
| 17 |
| Agus tug Maóise an pobal amach as an ccampa do theagmháil re Día; agus do sheasadar ag an gcuid íochdaruigh don tslíabh. |
| 18 |
| Agus do bhí slíabh Sínai uile fá dheatuigh, do chionn gur thuirling an TIGHEARNA air a tteinidh: agus do chuáidh a dheatach suás amhuil dheatach fuirnise, agus do chriothnúigh an slíabh uile go mór. |
| 19 |
| Agus a nuair do fhuáimnigh guth an sduic a bhfad, agus do fhás níos airde, do labhair Maóise, agus do fhreagair Día é re guth. |
| 20 |
| Agus táinic an TIGHEARNA a núas ar shlíabh Sínai, ar mhullach an tsléibhe: agus do ghoir an TIGHEARNA Maóise súas go mullach an tsléibhe; agus do chuáidh Maóise súas. |
| 21 |
| Agus a dubhairt an Tighearna re Maóise, Eirigh síos, aithin don phobal deagla go mbrisfidís thríd chum an TIGHEARNA dá fhéitheamh, agus go dtuitfeadh morán díobh. |
| 22 |
| Agus na sagairt mar an gceádna, noch thig a bhfogus don TIGHEARNA, naomhaidis íad féin, deagla go mbrisfeadh an TIGHEARNA amach órra. |
| 23 |
| Agus a dubhairt Maóise rís an TTIGHEARNA, Ní fhéadaid an pobal dul súas ar shlíabh Sínai: óir do aithin tusa dhínn ag radh, Cuir tóranna timchioll an tsléibhe, agus naomhaidh é. |
| 24 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Imthigh romhad, éirigh siós, agus tiucfa tú a niós, thú féin, agus Aáron leachd: agus ná léig do na sagartuibh, agus don phobal briseadh thríd, do theachd suás chum an TIGHEARNA, deaglá go mbrisféadh sé amach orra. |
| 25 |
| Marsin do chuáidh Maóise síos gus an bpobal, agus do labhair sé riú. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/exodus/019.mp3
40
19