Nuair a chuaigh di é a choimead faoi cheilt a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir an leanbh ann, agus chuir i measc na n-eileastram ar bhruach na habhann é.
Agus tháinig iníon Fhorainn anuas chun í féin a fholcadh san abhainn agus bhí a hionailtí ag spaisteoireacht ar bhruach na habhann. Chonaic sí an cléibhín i measc na n-eileastram agus chuir sí a hionailt ag triall air.
Agus dúirt iníon Fhorainn léi: «Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.» Thóg an bhean an leanbh agus d' oil.
Agus d' fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, «mar,» ar sí, «gur tharraing mé as an uisce é.»
Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir.
Tháinig sé ar ais lá arna mhárach agus b' sheo beirt Eabhrach ag troid le chéile. Dúirt sé leis an té a bhí san éagóir: «Cén fáth gur bhuail tú do chomhthíreach?»
«Agus cé a cheap thusa,» ar seisean leis, «i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?» Tháinig scanradh ar Mhaois: «Ní foláir,» ar sé leis féin, «nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.»
Nuair a chuala Forann ina thaobh, rinne sé iarracht ar Mhaois a mharú, ach theith Maois ó Fhorann agus d' fhan sé i dtír Mhidián. Shuigh sé láimh le tobar.
Agus anois bhí mórsheisear iníonacha ag sagart Mhidián agus thángadar agus tharraingíodar uisce agus líonadar na humair chun uisce a thabhairt do thréad a n-athar.
Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.