ach an seachtú bliain fág ina bhranar é gan saothrú, i dtreo go bhféadfaidh bochta do phobail bia a fháil uaidh, agus go bhféadfaidh na hainmhithe allta a bhfuílleach a bheith acu mar bhia. Déan mar an gcéanna leis an bhfíonghort agus leis an doire ológ.
Ar feadh sé lá déan do chuid oibre, ach ar an seachtú lá scoir di i dtreo go mbeidh sos ag d' asal agus ag do dhamh, agus go mbeidh sámhnas ag mac do dhaoirsí agus ag an eachtrannach.
Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d' aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh.
Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.
Nuair a rachaidh m' aingeal romhat agus tú a thabhairt isteach chun na nAmórach agus na Hiteach, na bPirizeach agus na gCanánach, na Hiveach agus na Iabúsach, scriosfaidh mé iad.
Seolfaidh mé m' uafás romhat, agus cuirfidh mé corrabhuais ar na daoine go léir a dtiocfaidh tú ina n-aghaidh, agus cuirfidh mé do naimhde go léir ag casadh agus ag teitheadh romhat.
Ní thiomáinfidh mé amach ó do láthair iad in aon bhliain amháin d' fhonn nach ndéanfadh fásach den talamh agus go rachadh na hainmhithe allta i líonmhaire oraibh.
Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.
Ná déanaidís cónaí i do thír le heagla go gcuirfidís d' iallach ort peaca a dhéanamh i m' aghaidh agus go dtabharfá adhradh dá ndéithe agus go deimhin ba ghaiste duit sin.»