Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Ni thóigfe tú iomradh bréagach: ná cuír do lámh leis na drochdháoinibh chum bheith ad fhíaghuin neimhfhíréunta. |
| 2 |
| Ní leanfa tú iomad do dheanamh uilc; ní mó laibheórus tú a gcúis do chláonadh lé morán do thabhach breatheamhnuis: |
| 3 |
| Ni mó choitheochus tú duine bochd ann a chúis. |
| 4 |
| Má theagmhann riot damh nó assal do námhad ag dul ar seachrán, do bhéura tú gó deimhin chuige ar ais é. |
| 5 |
| Má chí tú assal an té lér fúath thú na luighe fán úalach, agus go bhfailleochá a thártháil, cuideocha tú leis go deimhin. |
| 6 |
| Ní choimhéigneocha tú breitheamhnus do bhoichd ann a chúis. |
| 7 |
| Connuimh thú féin a bhfad ó chúis bhréugaidh; agus an neimhchiontach agus an fírean ná marbh thusa: óir ní gheabha misi leithscéal an drochdhuine. |
| 8 |
| Agus ní ghéubha tú tiodhlaiceadh ar bith: óir dalluidh an tiodhlaiceadh an teagnuighe, agus iompóidh bunoscionn bríathra an ionnruic. |
| 9 |
| Mar an gcéadna ní bhrúighfe tú coimhightheach: óir is aithnidh dhíbh croidhe an choimhighthigh, ó bhábhair féin bhur gcoimhightheachuibh a ccrích na Hégipte. |
| 10 |
| Agus sé blíadhna chuirfeas tú thfearann, agus chruinneochus tú a thórtha a steach: |
| 11 |
| Achd an seachdmhadh blíadhan léigfe tú dhó luighe agus bheith na chomhnuighe; ionnus go níosuid bóichd do phobuil de: agus go níosuíd beathuigh an mhachaire a bhfuigfil síad. Ar na modh gcéadna do dhéana tú réd fhíneamhuin, agus réd gháirdín ola. |
| 12 |
| Sé lá do dhéana tú hobair, agus do dhéana tú comhnuighe an seachdmhadh lá: ionnus go gcomhneochuidh do dhamh agus hassal, agus go neartuighe mac do chumhaile, agus an coimhightheach. |
| 13 |
| Agus ann gach uile ní dá ndubhairt mé riot bí go fuireachair: agus ná tárr thair anmanuíbh dée ar bith eile, narob mó chluinfighear as do bbéul é. |
| 14 |
| Trí huáire choinneochus tú féusda dhamhsa san mblídahuin. |
| 15 |
| Coinneocha tú féusda a naráin gan laibhín: agus íosa tú arán gan laibhín seachd lá, mar do aithin misi dhíot, ann sa nam chinnte don mhí Abib; óir is innte tháinic tú amach as a Négipt: agus ní thiucfa éinneach dom láthairsi folamh: |
| 16 |
| Agus féusda an fhoghmhair, céadthórtha do sháothair, noch do chuir tú san mhachaire: agus féusda an chruinnighthe a steach, a ndeireadh na blíadhna, a nuáir chruinneochus tú a steach do shaothar ón mhachaire. |
| 17 |
| Tri huáire san mblíadhuin thiucfuid thfir uile a lathair an TIGHEARNA Día. |
| 18 |
| Ní ofráile tú fuil mo íodhbarthasa le harán laibhín; ni mó fhanfas méathas mo iodhbartha go maidin. |
| 19 |
| An chéad chuid do chéad thórthuibh thfearuinn do bhéura tú go tigh an TIGHEARNA do Dhía. Ní bhruithfe tú meannán a mbainne a mhathar. |
| 20 |
| Féuch, cuirim Aingeal romhad, dot choimhéud annsa tslighe, agus dot bhreith do náit do ullmhaigh mé. |
| 21 |
| Bí ar do choimhéad air, agus umhluigh dá ghuth, ná brostuigh é; óir ní thiubhra sé maithfeachus do bhur gciontuibh: óir atá mainmsi annsan. |
| 22 |
| Achd má umhluigheann tú dhá ríribh dhá ghuth, agus go ndéarna tú a nabruimsi uile; ann sin biaidh mé am námhuid dot naimhdibh; agus am eascaruid dod eascairdibh. |
| 23 |
| Oír rachuidh Maingeal romhad, agus do bheura a steach thu chum na Namoríteach, agus chum na Hítiteach, agus na Bperisíteach, agus na Gcananíteach, no Hibhíteach, agus na Iebusiteach: agus gearrfa mé amach íad. |
| 24 |
| Ní chromtha tú síos dá ndeéibh, ní dhéana tú seirbhís dóibh, ní mó dhéanas tú do réir a noibreach: ach scriosfa tú íad go léir, agus brisfe tú go léir a níomhaighe. |
| 25 |
| Agus foigheontáoi don TIGHEARNA bhur Ndía agus beinneochuidh sé harán agus huisge; agus béura misi heasláinte as do lár. |
| 26 |
| Ní theilgfidh éinní a nóga, ní mó bhéid seasc, ann thfearann: uibhir do láetheadh coimhlíonfa mé. |
| 27 |
| Cuirfe mé meagla as do choinne, agus scriosfa mé na huile dháoine a gcionn a ttiúcfa tú, agus do bhéura mé ar húile naimhde a ndruim diompógh riot. |
| 28 |
| Agus cuirfe me céarnabháin romhad, noch dhíbeorus amach an Hibhíteach, an Canaaníteach, agus an Hitíteach, as do lathair. |
| 29 |
| Ní dhíbeóra mé amách romhad íad a néinbhlíadhuin; deagla go ttiucfadh an fearann chum fásuigh, agus go lionfadh beathach an mháchaire ad aghuidh. |
| 30 |
| Air bheagán agus aír bheagán dhíbeorus mé amach íad; ód lathair, nó go bhfoirlíonuidh tusa, agus go ngéubha tú oighreachd na talmhan. |
| 31 |
| Agus cuirfe mé do thóranna ón Muir ruáidh go nuige fairge na Bhphilistineach, agus ón díothramh gus a nabhuinn; óir seachóduigh mé áitreabhuigh na dúthaigh ann bhur láimh: agus díbeóra tú amach romhad íad. |
| 32 |
| Ni dhéana tú cunnradh ar bith riú, no ré na ndeéibh. |
| 33 |
| Ní choimneochuid ann do dhútháidh, deagla go ttiubhraidís ort peacadh am aghuidhsi: óir má fhoghnann tú dá ndeéibh sin, biáidh sin go deimhin na líon romhad. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/exodus/023.mp3
40
23