Déanfaidh tú ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus greamóidh tú iad de dhá cheann chathaoir na trócaire i dtreo gur aon phíosa léi iad.
Leathadh na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go mbeidh cathaoir na trócaire faoina scáth; tabharfaidh na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n-aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.
Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m' aitheanta uile do chlann Iosrael.
«Déanfaidh tú coinnleoir d' ór fíre, agus ní foláir an coinnleoir, idir bhonn agus chrann, a bheith d' obair bhuailte, agus a chupáin, idir chailís agus bheangáin, d' aon phíosa leis.
Ní foláir trí cupáin a bheith ar an gcéad ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; ní foláir trí cupáin chomh maith a bheith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir.
mar seo cailís faoin gcéad dá ghéag as an gcoinnleoir amach, ceann faoin gcéad chúpla eile, agus ceann faoin gcúpla deiridh, ag teacht leis na sé géaga as an gcoinnleoir amach.