«Glac chugat de chlann Iosrael do dhearthair Árón agus a chlann mhac le bheith ina sagairt i mo sheirbhís Árón agus a chlann mhac: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
Seo iad na héidí atá le déanamh acu: lúireach agus éafód agus fallaing agus ionar bróidnithe agus ceannbheart agus crios. Déanfaidh siad éidí naofa do do dheartháir Árón agus dá mhaca le fónamh dom mar shagairt.
Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fiolagráin óir.
Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n-ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna.
«Déanfaidh tú lúireach bhreithiúnais, d' obair shlachtmhar; déanfaidh tú í ar dhéantús an éafód; d' ór agus d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas a dhéanfaidh tú í.
Beidh ainmneacha chlann mhac Iosrael orthu agus a dó dhéag a líon de réir líon na n-ainmneacha orthu; beidh siad greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.
Déanfaidh tú dhá fháinne óir eile agus iad a ghreamú d' íochtar dhá ghuailleán an éafód chun tosaigh in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.
Caithfear an lúireach a cheangal don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo go luífidh sí ar chrios fite an éafód agus nach scarfadh an lúireach ón éafód.
Ar an gcuma sin iompróidh Árón ainmneacha chlann mhac Iosrael i lúireach an bhreithiúnais ar a chroí nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa, d' fhonn iad a thabhairt chun cuimhne de shíor i láthair an Tiarna.
Cuirfidh tú an tÚirím agus an Tuimím sa lúireach chun go mbeidís ar chroí Árón nuair a rachaidh sé isteach i láthair an Tiarna; ar an gcuma sin iompróidh Árón breithiúnas chlann Iosrael ar a chroí i láthair an Tiarna de shíor.
Ar a fáithim íochtair cuirfidh tú maisiú de phomagránaití, d' ábhar gorm agus corcra agus craorag ar fháithim na fallainge timpeall, agus cloigíní óir eatarthu.
Caithfidh Árón í nuair a dhéanfaidh sé seirbhís agus cloisfear a glór nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa i láthair an Tiarna, agus nuair a thiocfaidh sé amach, á chosaint ón mbás.
Caithfidh Árón ar a éadan í agus iompróidh Árón air féin cibé lochtanna a bhíonn ar na hofrálacha naofa a chroisriceann clann Iosrael mar íobairtí naofa; beidh sí de shíor ar a éadan d' fhonn is go nglacfaí leo i láthair an Tiarna.
Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan d' fhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt.
Beidh siad ar Árón agus ar a mhaca nuair a rachaidh siad isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a thiocfaidh siad i gcóngar na haltóra chun seirbhís a dhéanamh sa sanctóir, le heagla go dtabharfaidís ciontacht éigin anuas orthu féin agus iad a fháil bháis. Beidh sé sin ina reacht go brách dó féin agus dá shliocht ina dhiaidh.