Agus glacsa chugad Aáron do dhearbhraithir, agus a mhic maille ris, ó mheasg chloinne Israel, chor go ndéana sé miniostralachd dhamhsa a noifig an tsagairt, eadhon Aáron, Nadab agus Abihú, Eleasar agus Itamar, mic Aáron.
Agus laibheóra tú ris a nuile atá eagnuidhe a gcroidhe, noch do lion misi le spiorad na heagna, chor go ndéanaid culaidh Aáron dá choisreagadh íonnus go bhfóghnuidh se dhamhsa a noifig an tsagairt.
Agus a síad só na héaduighe do dhéanuid; uchdéideadh, agus ephod, agus róba, agus cóta bróidinealta, agus miochd agus crios: agus do dhéanuid éaduighe náomhtha mar so do Aáron do dhearbhraithir, agus da mhacaibh, iondus do bhféadaigh miniostralachd do dhéanamh dhámhsa a noifig an tsagairt.
Agus biáidh an crios bróidinealta a nephoid, noch atá air, don ccéadna, do réir a oibre sin; dor, do ghorm, do phurpair, agus do scarláoid, agus do linéadach fhinealta chasda.
Maille ré hobair ghrabhaluigh a gcloich, cosmhuil ré grábhail shignéd, ghrabhalfus tú an dá chloich máille re hanmannuibh chloinne Israel: cuirfe tú fa deara a gcur a gcumhduighibh óir.
Agus cuirfe tú an dá chloich ar ghuáillibh a nephod mar chlochuibh cuimhnighe do chloinn Israel: agus iomchóra Aáron a nanmanna as coinne an TIGHEARNA ar a dhá ghúaluinn mar chuimhne.
Agus do dhéana tú uchdéideadh an bhreitheamhnuis le hobair chéardamhuil; amhuil oibre a nephod do dhéana tú é; dór, do ghorm, do phurpair, agus do scarlaoid, agus do linéadach finealta chasta, do dhéana tú é.
Agus cuirfe tú ann cúir do chlochuibh, eadhon ceithre chúrsa do chlochuibh: biáidh an chéad chúrsa do shardius, do thópas, agus do charbuncail: budh é so an chéad chúrsa.
Agus béid na clocha maille re hanmannuibh chloinne Israel, a dó dhéag, do réir a nanmann, amhail ghrábhail shignéid; gach áon díobh lé na ainm, beid do réir án dá threibh dhéag.
Agus dá fháinne eile óir do dhéana tú, agus cuirfe tú íad ar dhá tháobh an ephóid shíos, láimh ris an gcuid thosuigh dhe, thall as coinne a chúpluidhthe, os cionn creasa ceardamhuil an ephod.
Agus ceangoluid siad án tychdéideadh le na fháinnighibh do fhainnighibh an ephoid le lása do ghorm, cor go mbía os cionn creasa céardamhuil an ephod, agus nach scáoilfíghear an tuchdphláta don ephod.
Agus iomchóra Aáron anmanna chloinne Israel ann sa nuchdphláta sin an bhreatheamhnuis ar a chroidhe, a nuáir rachus a steach do náit náomhtha, mar chuimhne do lathair an TIGHEARNA a gcomhnuighe.
Agus cuirfe tú a nuchdphláta an bhreatheamhnuis an Urim agus an Tuimim; agus béid ar chroidhe Aáron a nuáir rachus sé a steach as coinne an TIGHEARNA: agus iomchóruidh Aáron breatheamhnus chloinne Israel ar a chroidhe a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA a gcomhnuighe.
Agus biáidh poll iona mhullach iona lár: biáidh ceangal dobair fhighte timchioll fa gcuáirt an phuill, mar do bheith poll haberghion, go nach bristíghe é.
Agus shíos ar a fhathfhuánn do dhéana tú pomegranáit do ghorm, agus do phurpuir, agus do scarláoid, timchioll fa gcuáirt na fathuáime; agus cluigine óir eatorra timchioll fa gcuáirt:
Agus biáidh sé ar Aáron ag miniostrálacht: agus cluinfighear a fhuáim a nuair rachus sé a steach do náit náomhtha a laithair an TIGHEARNA, agus a nuáir thiocfas amach, go nach bhfaghadh bás.
Agus biáidh sé ar éadan Aáron, chor go niomhchóruidh Aaron éacceart na nitheann náomhtha, noch naomhthochuid clann Israel iona mbrontuibh náomhtha uile; agus biáidh sé a gcomhnuidhe ar éadan, chor go nglacfuighear iad a bhfiaghnuise an TIGHEARNA.
Agus cuirfe tú bródáil leis an gcóta do linéadach fhínealta, agus do dhéana tú an míter do linéadach fhínealta, agus do dhéana tú an crios dobair shnáithide.
Agus cuirfe tú ar Aáron do dhearbhrathair íad, agus ar a mhacuibh maille leis: agus ungfuigh tú íad, agus coisreocuidh tú íad, agus náomhthochaidh tú íad, chor go ndéanuid miniostralachd dhamhsa a noifig an tsagairt
Agus béid síad ar Aáron, agus ar a mhacaibh, a nuáir thiucfaid síad a steach go tabernacuil an chomhchruinnigh, nó a nuáir thiucfaid síad a bhfogus do naltóir do mhiniostralachd an sa náit náomhtha; go nach iomchraid eúgceart, agus go néagfuid: biáidh sé na reachd go bráth dhó féin, agus dá shliochd na dhiáigh.