agus arán slim, builíní gan ghabháile agus iad fuinte le hola, agus abhlanna gan ghabháile agus ola leata orthu. De phlúr mín cruithneachta a dhéanfaidh tú iad.
agus fillfidh tú criosanna umpu agus cuirfidh tú boinéid orthu, agus beidh an tsagartacht acu de bhíthin reachta shíoraí. Mar sin a oirneoidh tú Árón agus a mhaca.
agus tógfaidh tú cuid d' fhuil an tairbh agus cuimleoidh tú le do mhéar de bheanna na haltóra í. Ansin doirtfidh tú fuílleach na fola ag bun na haltóra.
Tógfaidh tú a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair agus an chnapóg saille os cionn an ae, agus an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus loiscfidh tú ar an altóir iad.
Agus déanfaidh tú an reithe a mharú agus cuid dá fhuil a thógáil agus í a chur ar mhaothán chluas dheas Árón agus ar mhaothán chluas dheas a mhac, ar ordóg a láimhe deise, ar ordóg a gcoise deise, agus an chuid eile a chroitheadh ar an altóir thart timpeall.
Ansin déanfaidh tú cuid den fhuil ar an altóir mar aon le cuid den ola ungtha a thógáil agus í a chroitheadh ar Árón agus ar a éide, ar a mhic agus ar a n-éide chomh maith; agus beidh sé féin agus a éide naofa, agus a mhic agus éide a mhac chomh maith leis.
«Méith an reithe, an t-eireaball, a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair, an chnapóg saille os cionn an ae, an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus an cheathrú chlé (mar is reithe insealbhaithe atá i gceist),
Ansin déanfaidh tú é a ghlacadh ar ais óna lámha agus é a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt loiscthe, mar bholadh cumhra i láthair an Tiarna; beidh seo ina ofráil loiscthe in onóir an Tiarna.
Agus déanfaidh tú ucht an ofráil dhleachta a choisreacan, mar aon leis an gceathrú ó chuid ar leith na sagart, rud a ofrálfar ó reithe an insealbhaithe, óir is d' Árón agus dá mhic an méid sin.
Beidh sé ag Árón agus ag a mhic mar cháin shíoraí ó chlann Iosrael; óir is é mír na sagart é, a ofrálfaidh clann Iosrael óna n-íobairtí síochána; is é a n-ofráil don Tiarna é.
An mac a bheidh ina shagart ina ionad, caithfidh sé iad ar feadh seacht lá nuair a thiocfaidh sé isteach i mBoth na Teagmhála chun fónaimh san áit naofa.
Agus íosfaidh siad na nithe lena ndearnadh leorghníomh ar a son agus iad á n-oirniú agus á gcoisreacan; ach ní íosfaidh aon tuata aon chuid díobh, mar is naofa dóibh.
«Gach lá díobh ofrálfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca ina leorghníomh; ofrálfaidh tú íobairt pheaca leis ar mhaithe leis an altóir ag déanamh leorghnímh ar a son agus déanfaidh tú í a ungadh lena coisreacan.
Déanfaidh tú leorghníomh seacht lá ar son na haltóra; déanfaidh tú í a choisreacan agus beidh barr naofachta ag an altóir; agus aon duine a bhainfidh léi beidh sé naofa.
Déanfaidh tú an t-uan eile a ofráil, tráthnóna idir dhá sholas, maille le hofráil arbhair agus a hofráil dí mar a bhí ar maidin, le bheith ina bholadh cumhra agus ina íobairt loiscthe don Tiarna.
Beidh seo mar ofráil loiscthe gan stad ó ghlúin go glúin ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna; ansin is ea a theagmhóidh mé libh le labhairt leat.
Déanfaidh mé Both na Teagmhála agus an altóir a choisreacan: agus Árón chomh maith agus a mhic, déanfaidh mé iad a choisreacan le fónamh dom mar shagairt.
Beidh a fhios acu dá bhrí sin gur mise, an Tiarna, is Dia acu, an té a thug amach ó thír na hÉigipte iad d' fhonn go lonnóinn ina measc; mise an Tiarna, a nDia.