Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d' fhéach sé agus b' shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó.
Ansin dúirt an Tiarna: «Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.
Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.
«Beidh mise leat,» ar sé, «agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.»
Ansin dúirt Maois le Dia: «Má théim go clann Iosrael agus a rá leo: 'Dia bhur n-aithreacha a chuir mise chugaibh,' agus go bhfiafraíonn siad díom: 'Cén t-ainm atá air?' céard a déarfaidh mé leo?»
Agus dúirt Dia arís le Maois: «Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: 'An Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.' Sin é m' ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m' ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin.
«Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: 'An Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;
agus chinn mé sibh a thabhairt amach as cruatan na hÉigipte agus isteach i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.'
Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: 'An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.'
Lorgóidh gach bean ornáidí airgid agus óir agus éidí ar a comharsa agus ar an mbean a bheidh ag cur fúithi ina teach agus cuirfidh sibh iad ar bhur mic agus ar bhur n-iníonacha; creachfaidh sibh na hÉigiptigh ar an gcuma sin.»