Anois do bhí Máoisi ag cumhdach cháorach Iéthro a chlíamhuin, Sagart Mhídian: agus do theioruigh an Treud go taoibh cúil na bfasaigh, agus táinic go slíabh Dé, eadhon go Hóreb.
Agus táinic aingeal an TIGHEARNA chuige a lasair theineadh amach as lár craóibhe: agus damhairc seision, agus, féach, do bhí an chráobh tré lasadh ó theineidh, agus níor loisgeadh an chráobh.
Agus a nuáir do chonnairc an TIGHEARNA gur fhill sé a leathtaoibh dá fhaicsin sin, do ghoir Día air amach as lár na cráoibhe, agus a dubhairt, A Mhaoisi, a Mhaoisi. Agus a dubhairt seision, Atáim annso.
A dubhairt sé ós a chionn sin fós, Is misi Día hathar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do fholuigh Máoisi a aghuidh; óir dob eagal leis féacuin ar Dhía.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Is deimhin go bhfaca misi scíursa mo phobuil, noch atá sa Négipt, agus do chúala mé a néighmhe, do brígh a maighistreadh tascuidh: óir atá fiós a ndoilghis agam.
Agus tháinic mé a nuas dá sáoradh as lámhuibh na Négiptach, agus dá mbreith súas as an tír sin, go fearann maith fairsing, go fearann do bheir tuile bhainne agus mheala; go háit na Ccanaaniteach, agus na Hititeach, agus na Iebusiteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisíteach, agus na Hibhiteach.
A nois uime sin, feuch, tangadur comhairc chloinne Israel chugamsa: agus do chonnuirc mé mar an gcéadna an fóirneart léar bhruigheadar na Hégiptigh íad.
Agus a dubhairt sesion, Go deimhin biáidh misi leachd; agus biáidh so mar chomhartha agad, gur chuir misi ann tú: A nuáir do bhéura tú an pobal amach as a Négipt, do dhéantaoi serbhís do Dhía ar a tsliabhsa:
Agus a dubhairt Maóisi ré Día, Féuch a nuair thiocfas misi a ccionn chloinne Israel, agus a déura mé ríu, Do chuir Día bhur naithreadh chuguibh mé; agus a déaruidsion riomsa; Cá hainm atá air? créad a déura misi ann sin ríu?
Agus a dubhairt Día ós a chionn so ré Maóisi, Déura tú re clannuibh Israel: An TIGHEARNA Día bhur naithreadh, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob, do chúir misi chuguibh: sé so mainm go bráth, agus sé so mo chuimhneachán do nuile gheinealach.
Eirigh, agus cruinnigh sinnsir Israel a bhfochair a cheile, agus abair ríu: Do fhoillsigh an TIGHEARNA, Día bhur naithreadh, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iacob, é fein damhsa ag rádh, Tháinic mé go deimhin dá bhur bhfiosrúghadh, agus do chonnairc mé, an ní do rinneadh ribh sa Négipt.
Agus a dubhairt mé, Béura mé súas sibh as buaidhreadh na Hégipte, go fearann na Gcanaaniteach, agus na Hitíteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisiteach, agus na Nibhíteach, agus na Iebusíteach; go tír do bheir tuile bhainne agus mheala.
Agus umhlochuidh síadsan dod ghlór: agus tiucfa tusa, agus sinnsir Israel a cceann rígh na Hégipte, agus déura tú ris; Tárla an TIGHEARNA Día na Neabhruidheach rinn: agus a nois iarrmaoid dathchuinge ort, leig dhúinn dul aistior thrí lá san bhfásach, go ndeárnamáois iodhbairt don TIGHEARNA ar Ndía.
Agus sínfe misi mo lamh amach, agus buáilfe mé a Négipt leam uile iongántuibh, noch do dhéana mé ann a lár, agus na dhiáigh sin léigfidh sé dhaóíbh imtheachd.
Ach béuruidh gach éinbhean áirleagadh ó na comharsain, agus ón mhnaói bhías ar cuáirt na tigh, seóid airgid, agus seóid óir, agus éaduighe; agus cuirfídhe íad ar bhur macuibh, agus ar bhur ningheanuibh, agus creachfuighe na Hégiptigh.