Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Agus do dhéana tú altóir do loscadh túise uirre; do chrann Sitim do dhéana tú i. |
| 2 |
| Cubhad budh é a fad, agus cubhad a leithead; ceathairbheannach bhías sí; agus biáidh a háirdé dhá chubhad: biáidh a beanna don ccéadna. |
| 3 |
| Agus fóileocha tú dór fhíorghlan í, a húachtar, agus a táobh timchioll fa gcuáirt, agus a beanna; agus do dhéana tú dhi coroin óir timchioll fa gcuáirt. |
| 4 |
| Agus do déana tú dhá fháinne óir dhi faoi an choróin, agá dhá coirnéul, agá dhá thaobh do dhéana tú íad; agus béid siád mar áitibh do bhatuidhibh dá hiomchar leó. |
| 5 |
| Agus do dhéana tú na maididhe do chrann Sitim, agus foileochuidh tú le hór íad. |
| 6 |
| Agus cuirfe tú as coinne an fholuigh í, atá láimh re háirc na fiádhnuisi, as coinne ann tsuidhe thrócaire atá ós cionn an fhiadhnuisi, mar a tteagamha misi riot. |
| 7 |
| Agus loisgfe Aáron túis dheaghbholuidh gach aon mhaidin uirre: a nuáir dheiseocha sé na lampuidhe, loisgfe sé túis uirre. |
| 8 |
| Agus a nuáir lasfas Aáron na lampuidhe um noín, loisgfe sé túis uirre, túis bhiobhúan a bhfiagnuise an TIGHEARNA, ar feadh bhur ngeinealach. |
| 9 |
| Ní loisgfídhe túis choimhidheach ar bioth uirre, nó íodhbuirt loisge, no ofráil bídh; ní mo dhoírtfídhe ofrála dhighe uirre. |
| 10 |
| Agus do dhéana Aáron síth ar a beannuibh uáir san mbliadhuin le fuil ofrála pheacaidh na síthe; uáir san mbliadhuin do déana sé sídh uirre ar feadh bhur ngeinealach: atá sí ro náomhtha don TIGHEARNA. |
| 11 |
| Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, ga rádh, |
| 12 |
| A núair ghlacfas tú suim chloinne Israel do reír a nuibhre, ann sin do bhéuruidh gach éanduine fuáscladh ar son anma don TIGHEARNA, a núair aireomhus tú íad; go nach mbiáidh plaígh na measc, a núair aíreomhas tú iad. |
| 13 |
| Is é so do bhéuruid, gach éan da rachaidh thort na measc atá áirmhithe, leithshecel do reír na sanctóra: (secel is é sin fithche gérah:) agus leithshecel ofráil an TIGHEARNA. |
| 14 |
| Gach éan dá tteíd thort na measg atá airmhithe, ó fhithchid bliadhan dáois agus ós a chionn, do bhéura sé ofráil don TIGHEARNA. |
| 15 |
| Ní thíubhra an sáidhbhir nios mó, agus an bochd ní thiubhra níos lugha nó leith shecel, a nuáir do bhéaruid ofráil don TIGHEARNA, do dhéanamh sithe dá bhur nanmannuibh. |
| 16 |
| Agus glacfa tusa an tairgead síthe ó chloinn Israel, agus cinnfe tú é do sherbhís thabernacuil an chomhchruinnigh: Ionnus go mbía na chuimhne do chloinn Israel a lathair an TIGHEARNA, do dhéanamh síthe dá bhur nanmanuibh. |
| 17 |
| Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise dha rádh, |
| 18 |
| Do dhéana tú mar an gcéadna lábhéir práis, agus a chos mar an gcéadna do phrás, do ionnladh as: agus cuirfe tú é idir thabernacuil an chomhchruinnigh agus a naltoir, agus cuirfe tú uisge ann. |
| 19 |
| Oír ionneoluid Aáron agus mhic a lámha agus a gcosa aige: |
| 20 |
| Agus a núair rachuid go tabernacuil an chomhchruinnigh, ionnoluid siád le huisce, go nach bhfaghaid bás: nó a nuair thiocfaid a bhfogus do naltoir do mhiniostralachd, do losgadh ofrála déanta lé teinnidh don TIGHEARNA: |
| 21 |
| Mar sin nighfid a lamha agus a gcosa, go nach bhfaghaid bás: biáidh so na reachd dhóibh go bráth, dósan agus da shiól ar feadh a ngeinealach. |
| 22 |
| Tuilleamh fós do labhair an TIGHEARNA re Maoise, ga rádh, |
| 23 |
| Glac thusa mar an gcéadna chugad spiósra oirdhearca, do mhirr ghloinn cúig chéad secel, agus do shinamon deaghbholuid a leath oiread sin, dhá chéad agus caógad secel, agus do chalamus déaghbholuidh dhá chéad agus cáogad secel, |
| 24 |
| Agus do chassía cúig chéad secel, do reír shecel na sanctóra, agus hin dola chroinn ola: |
| 25 |
| Agus do dhéana tú ola dhe dola náomhtha, agus ola cumaiscthe, do réir ealadhan an ollamh: biáidh sí na hola naómhtha chum ungtha. |
| 26 |
| Agus ungfa tú tabernacuil an chomhchruinnigh lé, agus aírc na fiadhnuise, |
| 27 |
| Agus an bórd agus a shoithidhe uile, agus an coinnleóir agus a shoithidhe, agus altoír na túise, |
| 28 |
| Agus altoír na hofrála loisge gon a huile shoithidhibh, agus an lábhéir agus a cos. |
| 29 |
| Agus naomhthocha tú íad, ionnus go mbéid ro naomhtha: giodh bé ar bith ní bheanus riu biáidh sé naomhtha. |
| 30 |
| Agus ungfa tú Aáron agus a mhic, agus coisreoca tú íad, chor go miniostrálfuid dhamhsa a noifig an tsagairt. |
| 31 |
| Agus laibheóra tú re cloinn Israel, dá rádh. Biáidh so na hola noamhtha ungtha dhamhsa ar feadh bhur ngeinealach. |
| 32 |
| Ar fheóil duine ní doírtfighear í, ní mó dhéantaoi samhuil di, do reír a compóideachd: is naomhtha í, agus biaidh sí naómhtha dhaóibhsi. |
| 33 |
| Giodh bé ar bith dhéanas cumusc cosmhuil ría, nó giodh bé ar bith chuirfeas di ar choimhightheach, géarrfuighear cheana a mach óna dhaóinibh é. |
| 34 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Glac chugad spiósra, dheaghbhaluidh, stácte agus onicha, agus galbánum: na spiósra deaghbhaluidhsi maille re túis ghloinn: oiread re cheille dá gach chuid díobh: |
| 35 |
| Agus do dhéana tú perfiúm dhe, ollamh cumasc do réir ealadhan an cumuscthe, ré chéile, fiórghlan agus naómhtha: |
| 36 |
| Agus brúidhfe tú cuid de sin ro mhín, agus cuirfe tú cuid do as coinne na fiadhnuise ann sa tabernacuil an chomhcruinnigh, aít a tteigeamha misi riot: biáidh sé ro náomhtha dhaóibh. |
| 37 |
| Agus ar son na perfiúme do dhéana tú, ni dhéantaoi dhíbh feín do reír a chumaisc sin: bíaidh sé dhuitsi naomhtha don TIGHEARNA. |
| 38 |
| Giodh bé ar bioth dhéanas samhuil dó sin do bholtnughadh, géarrfuighear é amach ó na dhaóinibh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/exodus/030.mp3
40
30