×

Bíobla Naomhtha 1817

Eaxodus 31

1
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dá rádh,
2
Féuch, do ghoir mé go ainmnighe air Bhésaleel, mac Uri, mhic Hur, do threibh Iúdah:
3
Agus do líon mé é do spioraid Dé, a neagna, agus a ttuigsin, agus a neólus, agus annsa nuile ghné oibre,
4
Do thionnscnamh oibreach ngéarchúiseach, do oibriughadh a nór, agus a nairgead, agus a bprás,
5
Agus a ngearradh cloch, dá gcur, agus ag ceirbhereadh adhmuid, doibríughadh ann gach uile shórt oíbre.
6
Agus mísi, féach, thug me maille leis, Aholiab mac Ahisamach, do threibh Dan: agus a gcroidhthibh gach a bhfuil glicehroidheach do chuir mé eagna; chor go ndéarnadaois a nuile ní do aithin me dhiótsa;
7
Tabernacuil an chomhchruinnigh, agus aírc na fiadhnuisi, agus an suidhe trócaire atá uirre, agus uile shoithighe an tabernacuil.
8
Agus an bórd agus a mbeanann ris, agus an coinnleóir glan gun a ghleús uile, agus altoír na túise,
9
Agus altóir na hofrála loisge maille re na huile ionstrumintibh, agus a lábheir agus a cos,
10
Agus na héaduidhe serbhíse, agus an culaidh naomhtha do Aáron an sagart, agus na culadha dá mhacaibh, do mhiniostralachd a noifig an tsagairt,
11
Agus a nola ungtha, agus an túis dhéaghbholaidh do naít naomhtha: do reír a nuile ní do aithin mé dhiót; do dhéanaid siád.
12
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, gá rádh,
13
Labhairse fós ré chloinn Israel, ga rádh, Go deimhin coimhéadfuidhe mo shábbóid: oír is comhartha eadrum féin agus sibhse i ar feadh bhur ngeinealach; go mbía a fhios aguibh gur mé an TIGHEARNA náomhas sibh.
14
Cuimhdeochtháoi an sabbóid ar a nadhbharsin; óir atá náomhtha dhaóibh, a nuile dhuine bhrisios i cuirfíghear go deimhin chum báis é: óir gidh bé neach oibrigheas éainní innte, gearrfuighear anam sin ó bheith a measg a dháoine.
15
Sé lá is fhedir obair do dhéanamh; achd an seachdmhadh lá sé sábóid an tsocamhuil é, náomhtha don TIGHEARNA: gidh bé dhéanas obair ar bith a ló na sábóide, cuirfighear go deimhin chum báis é.
16
Ar a nadhbharsin cuimhdeochuid clann Isráel an tsabboid, do choimhéud na sabóide ar feadh a ngeinealach, mar chunnradh siorruidhe.
17
Is comhartha eadrumsa agus clann Israel go bráth é: óir a sé lá do rinne an TIGHEARNA neamh agus talamh, agus ar an seachdmhadh lá do scuir sé, agus do léig scíth.
18
Agus tug sé do Mhaóise, a nuáir do chríochnuigh sé a chomhrádh leis ar shlíabh Sínai, dhá chlár na fiadhnuise, cláir chloiche, sgríobhtha lé méur Dé.
Irish Bible 1817
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817. Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
:
Sábháil Nótaí