Agus a nuáir do chonnairc an pobal gur fhaddáil Maóise teachd núas ón tslíabh, do chruinnigheadar an pobal íad féin go Haáron, agus a dubhradar ris, Eirigh súas, déana dhúinn dée, rachus romhuinn; oír an Maóise so, an té thug as crích na Hégipte sinn, ní feas dúinn créad do imthigh air.
Agus do ghlac sé as a lámhuibh íad, agus do chum é lé hoirnís ghrabhála, tair éis láoigh leaghtha do dhéanamh dhe: agus a dubhradarsan, A síad so do dhée si, ó a Israel, noch thug amach as crích na Hégipte thú.
Agus do éirgheadar súas go moch ar na mhárach, agus do ofráladar iodhbuirt loisge, agus tugadar ofrála síthe leó; agus do shuidh an pobal síos dithe agus dól, agus do éirgheadar súas do shúgradh.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh, imthigh romhad síos; óir do phobal, noch thug tú amach as crích na Hégipte, do thruáilligheadar íad féin:
Do fhilleadar go hobann as an tslighe do aithin misi dhíobh: do rinnéadar láogh leaghtha dhóibh féin, agus do adhradar dhó, agus do íodhbradar dhó, agus a dubhradar, Is íad so do dhéesi, ó a Israel, noch thug thu amach as crích na Hégipte.
Agus do ghuidh Maóisi an TIGHEARNA a Dhía, agus do ráidh, A THIGHEARNA, créad fa lassan thfearg a nághuidh do phobail, noch thug tú amach as crích na Hégipte lé cumhachtuibh móra, agus le láimh láidír?
Créad as a laibhéoradís na Hégiptigh, agus a naibeoradís, Mar olc rug sé leis amach íad, dá marbhadh ann sna sléibhtibh, agus dá scrios dághuidh na talmhan? Iompóigh ód fheirg bhuirb, agus claochló don ulcso a nághaidh do phobail.
Cuimhnigh Abraham, Isáac agus Israel, do sherbhísigh, dá ttug tú thú féin mar mhionnuibh, agus a dubhairt tú ríu, Do dhéana mé bhur síol comhlíonmhur re réultuibh nimhe, agus an dúthaidhsi uile air ar labhair mé, do bhéura mé dá bhur síol, agus béid iona hoighreachd gu bráth.
Agus do fhill Maóisi, agus do chúaidh sé síos ón tslíabh, agus do bhí dhá chlár na fíadhnuisi na láimh: do bhádar an dá chlár scríobhtha ar gach táobh; ar an ttáobhsi agus ar an ttáobh oile do bhádar scríobhtha.
Agus a dubhairt seision Ní hé guth na ndáoine noch gháireas fa bhuáidh, ní hé guth na ndáoine éimhgheas ar son a gcláoite achd fuáim na ndáoine do ní cantaireachd do chluinimsi.
Agus tarla, ar ball a ttáinic sé láimh ris an gcampa, go bhfacaidh se an láogh, agus an damhsa: agus do ghríosuigh fearg Mhaóisi, agus do theilg sé na cláir as a lámhuibh, agus do bhris fáoi bhun an tsleibhe íad.
Agus rug sé ar an láogh noch do rinneadar, agus do loisc sé san teinidh é, agus do mheil sé na phúdar é, agus do leathnuigh sé ar a nuisce é, agus tug ar chloinn Israel dól dhe.
Oír a dubhradar riomsa, Déana dee dhúinn, noch rachus romhuinn: óir ar son an Mhaóisi si, an fear thug leis sinn amach as crích na Hégipte, ní feas dúinn cread do imthigh air.
Agus a dubhairt misi riú, Gidh bé agá bhfuil éinréud óir, briseadh sé dhe é. Mar sin tugadar dhamhsa é: annsin do theilg mé san tenidh é, agus táinic an láoghsa amach.
Ann sin do sheas Maóise a ngeata an champa, agus a dubhairt, Cia atá do tháoibh an TIGHEARNA? tigeadh sé chugamsa. Agus do chruinnigheadar mic Lébhi uile chuige a cceann a chéile.
Agus a dubhairt sé riú, Is mar so a deir an TIGHEARNA Día Israel, Cuireadh gach éanduine a chloidheamh ar a tháobh, agus éirgeadh a steach agus a mach ó gheata go geata ar feadh an champa, agus marbhadh gach áonduine a dhearbhrathair, agus gach áonduine a chompánach, agus gach áonduine a chomharsa.
Oír a dubhairt Maóise, Coisreaguidh sibh féin a niugh don TIGHEARNA, gach uile dhuine ár a mhac, agus ar a dhearbrathair; chor go mbronnfa se beannachd dháoibh san ló a niugh.
Agus tárla ar a mhárach, go ndubhairt Maóise ris an bpobal, Do rinneabhair peacadh mór: agus annois racha misi suas gus an TIGHEARNA; dob éidir go ndéanuinn siothcháin ar son bhur bpeacaidh.
Uime sin éirigh annois, treóruigh an pobal do náit a dubhairt mé riot: feuch, rachaidh Maingeal romhad: gidheadh an lá thiucfas me dfheachuin orra leanfuidh mé a bpeacadh orra.