Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Gluáis agus éirigh súas as so, thusa agus an pobál thug tú leachd a mach as crích na Hégipte, don tír do mionnuigh misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, dhá rádh, Dot shíol do bhéura mé é: |
| 2 |
| Agus cuirfe me aingeal rómhad; agus díbeóra mé amach an Cananíteach, an Tamoríteach, an Hitíteach, an Perisíteach, an Hibhíteach, agus an Iebusíteach: |
| 3 |
| Go tír fá thuile bhainne agus mheala: óir ní racha misi suas bhur measg; óir atátháoi bhar ndáoinibh crúadhmhuiníl: deagla go ndíobháighfinn sibh ar a tslighe. |
| 4 |
| Agus a nuáir do chúala an pobal na droichsceala sa, do dhubhadar: agus níor chuir éanduine a bhreádhachd air. |
| 5 |
| Oír a dubhairt an TIGHEARNA ré Maoise, Abuir ré cloinn Israel, Is pobal crúadhmhuiníl sibh: tiucfa mé súas ion bhur lár a moment, agus díoghbháighfe mé sibh: uime sin anois cuir dhíot do dheiseachd uáit, íonnus go bhfeadarsa créad do dheana mé riot. |
| 6 |
| Agus do nochdadar clann Israel íad féin as a mbréadhachd láimh re sliabh Hóreb. |
| 7 |
| Agus rug Maoise ar an tabernacuil, agus do shuighidh táobh a muigh don champa é, a bhfad ón champa, agus do ghoir tabernacuil an chomhchruinnigh dhe. Agus tárla, gach áon da níarradh an TIGHEARNA, go ttigeadh amach go tabernacuil an chomhchruinnigh, noch do bhí táobh a muigh don champa. |
| 8 |
| Agus tárla a nuáir do chúaidh Maóise gus an tabernacuil, gur éirigh an pobal uile, agus gur sheas gach éanduine dhíobh ag dorus a loistín féin, agus gur fhéuchadar a ndiáigh Mhaóise, nó go neachuidh don tabernacuil. |
| 9 |
| Agus tárla, mar do chúaidh Maóise a steach san tabernacuil, go ttáinic an piléur néullach a núas, agus gur sheas ag dorus an tabernacuil, agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise. |
| 10 |
| Agus do chonnairc an pobal uile an piléur néullach na sheasamh ag dorus an tabernacuil: agus do éirgheadar an pobal uile na seasamh, agus do adhair gach áonduine aca a ndorus a lóistin féin. |
| 11 |
| Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise ághuidh ar ághuidh, mar do laibheóradh duine re na charadh. Agus do fhill a rís don champa: achd a sherbhíseach Iosua, mac Nun, an toganach, ni dheachuidh sé as an tabernacuil amach. |
| 12 |
| Agus a dubhairt Maóise ris an TIGHEARNA, Feuch, a deir tú riumsa, Beir súas an pobalsa: agus ní thug tú a fhios damh cia, chuirfeá liom. Gidhéadh a dubhairt tú, Atá a fhios agus cía thú as hainm, agus fuáir tú grása mar ann gcéadna an mo radharc. |
| 13 |
| A nois uime sin, iarruim dathchuinghe ort, ma fuáir mé grása an do radharc, taisbéan damh a nois do shlighe, le mbía haithne agum, lé a bhfuighe mé grása an do radharc: agus meas gurob íad an cineadhso do phobal. |
| 14 |
| Agus a dubhairt seision, Rachuidh mághuidh leachd, agus do bheura mé súáimhneas duit. |
| 15 |
| Agus a dubhairt sé ris, Muna ndeachuidh hághaidh liom, ná beir súas as so sinn. |
| 16 |
| Oír cionnus bhías a fhios annso go bhfuáir misi agus do phobal grása ann do radharc? nach le thusa do dhul linn? mar sin deálochthar sinn, misi agus do phobal ó nuile phobal, do bhfuil ar dhruim ná talmhan. |
| 17 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Do dhéana mé an ni so mar an gcéadna a dubhairt tusa: óir fuáir tú grása ann mo radharc, agus atá aithne agus ort ad ainm. |
| 18 |
| Agus a dubhairt seision, Iarruim dathchuinge ort, taisbean do ghlóir dhamh. |
| 19 |
| Agus a dubhairt seision, Do bhéura mé ar mo mhaitheas uile dul romhad, agus fuaigeora mé ainm an TIGHEARNA romhad; agus biad grásamhuil don ti dá mbía mé grásamhuil, agus taisbéanfad trócaire don tí dá ttaisbéana mé trócaire. |
| 20 |
| Agus a dubhairt seision, Ní fhéadann tú mághuidh dfaicsin: óir ní fhaicfe éanduine mé, agus marthuinn. |
| 21 |
| Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Féuch, atá áit láimh riom, agus seasfa tusa ar charruic: |
| 22 |
| Agus tiucfá dhe, an feadh bhías mo ghlóir ag gabháil thort, go ccuirfe mé thusa a scoilteadh don charruicc, agus foileocha mé thú leam láimh an feadh bhías mé ag gabháil thort: |
| 23 |
| Agus toigeobha mé mo lámh, agus do chífe tú an chuidshiar dhíom: achd ní faicfighear mo ghnúis. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/exodus/033.mp3
40
33